Covid alert: Bí cúramach agus tú ag dul chuig cóisir Nollag; agus caith masc ar iompar poiblí

20/12/2022

Thug Comhairleoir Leighis na tíre foláireamh (alert) faoi Covid agus fliú, do dhaoine gan dul chuig cóisirí na Nollag agus maisc a chaitheamh ar iompar poiblí má tá siomptóimorthu.

Thug an Príomh Oifigeach Leighis (Chief Medical Officer, CMO) Breda Smyth an foláireamh mar gheall ar an ardú iontach mór atá tagtha ar líon na ndaoine san ospidéal le Covid.

Dúirt an tOllamh Smyth go n-áirítear leis an gcomhairle seo gan bualadh le teaghlach Oíche Nollag má tá comharthaí Covid acu.

Dúirt sí go bhfuil sí ‘an-imníoch’ faoin ardú a tháinig ar líon na n-iontrálacha ospidéil le Covid-19 le déanaí agus d’iarr sí ar dhaoine iarracht chomhbheartaithe (concerted effort) a dhéanamh thar na ceithre nó sé seachtaine amach romhainn chun iad a laghdú.

Dúirt sí: ‘Gach lá, ar an meán, tá 96 daoine nua san ospidéal le Covid.’

D’iarr sí freisin qr daoine an ‘flu jab’ nó an vacsaín Covid a fháil mura bhfuil sé sin déanta cheana féin.

Agus thug Príomh Oifigeach Oibríochtaí (Chief Operations Officer) de chuid an HSE, Damien McCallion, foláireamh go bhfuil an tseirbhís sláinte faoi bhrú ó ‘triple wave of viruses’.

flu
Foláireamh go bhfuil an tseirbhís sláinte faoi bhrú ó ‘triple wave of viruses’

Faoi láthair tá 250 leanbh san ospidéal a bhfuil víreas riospráide syncytial (RSV orthu), agus tá os cionn 600 duine san ospidéal le Covid agus 300 le fliú.

Dúirt an tOllamh Smyth go bhfuil sí ‘an-bhuartha’ faoin ardú atá tagtha ar an gCovid le déanaí sular tháinig méadú ar an sóisialú thar thréimhse na Nollag.

Dúirt sí, ainneoin go raibh Covid ‘go mór’ sa timpeallacht, go raibh sé ar leibhéal áirithe go dtí seo.

Dúirt sí: ‘Mar sin féin, thar an tseachtain seo caite go háirithe, tá ardú suntasach feicthe againn ar líon na gcásanna Covid.

‘Le seacht lá anuas, tá méadú 50% tagtha ar ár gcásanna Covid san ospidéal.

‘Faoi láthair, tá 624 duine againn san ospidéal le Covid; seachtain ó shin a bhí 430 .

‘Chomh maith leis sin, tá 113 cás nua-dhearbhaithe san ospidéal le 24 uair an chloig anuas, agus tá ár meán seacht-lá méadaithe go 96 anois.

‘Mar sin, gach lá, ar an meán, tá 96 daoine nua san ospidéal nua Covid.’

Mholl sí ‘maisc á caitheamh ar iompar poiblí’. Agus dúirt sí:  ‘Faoi láthair, tá an comhlíonadh an-íseal agus is anois an t-am chun iad a chaitheamh.

‘Más féidir le daoine iarracht chomhbheartaithe (concerted effort) a dhéanamh thar na ceithre nó sé seachtaine amach romhainn chun iarracht a dhéanamh muid féin a chosaint ó bheith tinn, ár ngaolta soghonta a chosaint… Chomh maith leis sin, chun ár gcóras sláinte a chosaint ó bheith in ann trasnú tríd an tréimhse fhíordhúshlánach seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram