Lá amháin tar éis don Rialtas athnuaite dul i bhfeidhm tá scoilt ann faoi phleananna tithíochta.
Tá Fianna Fáil agus Fine Gael ag iarraidh tapaigh a chur le reachtaíocht (legislation) nua pleanála a chuirfidh srian ar cearta grúpaí áitiúla.
Ach chuir baill den Chomhaontas Glas agus grúpaí comhshaoil in aghaidh na moltaí.
Anois tá Steven Matthews, cathaoirleach do chuid an Chomhaontais Ghlais ar an gCoiste Tithíochta: 'Caithfear mionscrúdú a dhéanamh ar an reachtaíocht.'
Scrúdóidh an Coiste Tithíochta Bille an Aire Tithíochta Darragh O’Brien go mion, cé go bhfuil Fianna Fáil ag iarraidh é a bhrostú.
Thug an tUasal Matthews foláireamh: ‘Beifear ag súil go rialóidh an reachtaíocht seo an chaoi a n-oibríonn pleanáil thar thréimhse ceithre nó cúig rialtas. Ní féidir a bheith ag súil go bhféadfaidh reachtaíocht, a bheidh i bhfeidhm ar feadh 20 bliain, dul tríd an nod.
Is é seo coiste dícheallach coinsiasach (hard-working and conscientious) agus déanfaidh sé a chuid oibre go críochnúil.'
Is iad na haidhmeanna atá leis an mBille Pleanála nua, a chuaigh os comhair na Comh-Aireachta (the Cabinet) an tseachtain seo caite, ná srian a chur ar chumas roinnt agóideoirí bac a chur ar fhorbairtí móra (major developments).
Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí, a dheimhnigh foinse an Rialtais: ' Teorainn a chur ar dhaoine aonair nó eagraíochtaí bac a chur ar fhorbairtí sna cúirteanna nó moill a chur orthu; teorainn a chur leis na costais is féidir leo siúd a dhéanann athbhreithniú breithiúnach (judicial reviews) a bhaint amach; agus a chinntiú go mbeidh bunreachta agus rialacha agus gníomhaíocht ar bheartais chomhshaoil a chur chun cinn, ag grúpaí chun tairbhe a bhaint as costais speisialta.'
Dúirt Aire amháin leis an Irish Daily Mail: ‘Ní bheidh na hathbhreithnithe seo ar fáil do dhuine a bheidh díreach ag dul thart, nó do chumann cónaitheoirí.’
Dúirt Michéal Martin, an tseachtain seo caite, go rachadh an Bille i ngleic leis an ‘méid ama’ a thógann sé tionscadail a cheadú.
Ach tá imní mhór léirithe ag Teachtaí Dála agus Airí an Chomhaontais Ghlais faoin bplean. Creideann siad go gcuirfidh sé stop le grúpaí pobail ó athbhreithnithe breithiúnacha a dhéanamh ar chásanna pleanála.
Dúirt urlabhraí de chuid an Chomhaontais Ghlais, an tseachtain seo caite, go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh ‘an oiread daoine agus is féidir in ann teacht ar cheartas’.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.