Ina óráid dheireanach mar Thaoiseach, d’ullmhaigh an tUasal Martin é féin dá ról nua mar Aire Gnóthaí Eachtracha.
Agus é ag éirí as mar Thaoiseach, thug an tUasal Martin ionsaí géar ar antoisceachas (extremism) ar fud na hEorpa.
Ina óráid don Dáil, agus é ag éirí as mar Thaoiseach, thug Micheál Martin ionsaí géar ar antoisceachas (extremism) ar fud na hEorpa.
Bhí sé ag labhairt in óráid a thug sé sular vótáil an Dáil ar son Leo Varadkar mar Thaoiseach ina ionad.
Vótáil 87 Teachta Dála i bhfabhar agus 62 in aghaidh a ainmniúcháin.
Dúirt an tUasal Martin: ‘Ní sheasfaidh Éire ar an taobhlíne de réir mar a dhéanann pobalachas millteach (destructive populism) an eite dheis agus am eite chlé iarracht damáiste a dhéanamh d’Aontas a bhí lárnach san dul chun cinn sin le leathchéad bliain anuas.
‘Is léiriú é ról na hEorpa maidir le cabhrú lena saoránaigh tríd an bpaindéim, agus a bheith mar cheannaire ar fud an domhain maidir le vacsaíní a chomhroinnt ar an gcaoi a bhfanann ár nAontas láidir agus leanfaidh sé ar aghaidh ag tabhairt aghaidh orthu siúd atá ag iarraidh filleadh ar laethanta na hiomaíochta millteach (destructive competition) idir stáit’, a dúirt sé.
Cháin sé freisin ton géar na díospóireachta poiblí, ag rá: ‘Ar an drochuair tá cónaí orainn i ndomhan atá ag éirí níos polaraithe. Tá a fhios ag gach duine a ghlacann páirt sa saol poiblí faoin tionchar a bhíonn ag an díocas breithiúnas a thabhairt ar dhaoine eile, agus chomh géire a dhéantar tráchtanna.’
Mhol sé freisin ról na hearnála poiblí maidir le fadhb an choróinvíris a réiteach agus dúirt: ‘Ní mór dúinn am a chaitheamh le haitheantas a thabhairt do mheon macánta agus tiomantas na mílte sa tseirbhís phoiblí a oibríonn ar son mhuintir na hÉireann.’
Ghabh an tUasal Martin buíochas freisin don ‘Teachta Leo Varadkar agus an Teachta Eamon Ryan as an mbealach dlúth agus an-chuiditheach inar oibrigh siad chun comhar a chinntiú sa rialtas’.
Chuir sé teachtaireacht ar na meáin shóisialta freisin inar dúirt sé gurbh é ‘onóir a shaoil’ dó a bheith mar Thaoiseach.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.