Gen Z ag baint suilt as mocktails in ionad alcól an Nollaig seo

17/12/2022

Tá Gen Z ag éirí as alcól an Nollaig seo agus ag baint suilt as mocktails, de réir taighde.

Léiríonn an taighde go bhfuil Giniúint Z – nó Gen Z – chun tosaigh ar na hathruithe ar fhás an chatagóir náid-alcóil (nero-alcohol).

Tá Gen Z, a shainmhínítear mar aon duine a rugadh ó 1997 ar aghaidh, ag taispeáint i bhfad níos mó sásamh do dheochanna saor ó alcól um Nollaig.

Agus is léir go bhfuil 30% de Gen Z ag seachaint alcóil an Nollaig seo ar chúiseanna sláinte nó chun tinneas póite (hangover) a sheachaint.

Is iad na deochanna Nollag is fearr leo ná ‘mocktails (cocktails saor ó alcól) a ‘bhíonn fós ag ligean dóibh ceiliúrtha a mhothú agus a gcóisir a chur ar siúl’, de réir taighde don mhiondíoltóir bia agus dí ar líne Musgrave Marketplace.

drinking main 768x448 1
Gen Z

Léirigh an taighde difríocht mhór i ndearcaí a bhaineann le haois. Ní fheiceann an ceathrú cuid de dhaoine fásta na hÉireann aon ócáid a roghnódh siad rogha saor ó alcól, agus deir níos mó ná leath (56.5%) de dhaoine os cionn 55 nach n-ólfaidís deoch saor ó alcól.

Ba é seo an aoisghrúpa freisin a mhothaigh ba lú muiníne faoi gan a bheith ag ól i gcuideachta daoine eile a bhí ag tógáil alcóil.

Is iad an aoisghrúpa 35-44 is mó muiníne as dul saor ó alcól agus iad ag bualadh le cairde don oíche.

Nuair a bhreathnaítear air de réir contae, bhraith daoine sa Longfort is lú muiníne as gan alcól a bheith acu, fiú dá mbeadh lá saor ó tinneas póite i gceist leis.

Tá muintir Liatroma i bhfabhar 0% beoir ach tá daoine i Ros Comáin, i gCabhán agus i Lú i bhfabhar leann úll (cider) 0%.

I Muineachán, san Iarmhí, i Sligeach agus in Uíbh Fhailí, ba é Nosecco (fíon saor ó alcól) an rogha dóibh, agus roghnaigh muintir an Chláir Seedlip, rud a dhéanann aithris ar bhlas an gin.

Dúirt Ken Allan, ceannaire dí ag Musgrave Marketplace, go bhfuil fás suntasach de 11.2% tagtha ar mhargadh na hÉireann sa chatagóir deochanna ar bheagán alcóil agus gan alcól i mbliana, rud a ghin €22.4 milliún i ndíolacháin go Meán Fómhair.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram