Is é an dea-scéal an Nollaig seo ná go bhfuil praghas na mbronntanas ag titim.
Ach is é an drochscéal ná go bhfuil an praghas ar bheagnach gach rud eile ag dul i méad – agus mar sin go bhfuil níos lú airgid againn chun na bronntanais a cheannach.
Tá praghsanna fós ag ardú agus bhí siad suas chomh mór le 8.9% don bhliain go dtí mí na Samhna, thuairiscigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inné.
Ach bhí praghsanna dhá stáplaí Nollag – bréagáin agus seodra – síos. Tá praghas seodra síos níos mó ná 7% agus tá bréagáin síos 4.3%.
Dúirt an t-eacnamaí Austin Hughes: ‘Tá gnéithe de chaiteachas na Nollag ag daoine áirithe nach mbeidh chomh costasach agus a bhíothas ag súil leis.’
Mar sin féin, tá praghsanna fuinnimh fós ag brú suas le boilsciú, atá níos mó ná ceithre oiread sprioc an Bhainc Cheannais Eorpaigh, atá thart ar 2%. Tá méadú níos mó ná 63.5% ar an leictreachas, tá méadú beagnach 89% ar ghás, tá ola théite baile (home heating oil) suas níos mó ná 57.1% agus tá breoslaí soladacha (solid fuels) suas 46.8% sa bhliain.
Ciallaíonn na praghsanna fuinnimh atá ag ardú go bhfuil praghsanna iomlána ag ardú ar bhonn bliantúil ó Aibreán na bliana seo caite, agus tá boilsciú bliantúil 5% nó níos mó ó mhí Dheireadh Fómhair bliain ó shin.
Is é €5.16 an meánphraghas náisiúnta ar phionta stout i dtithe tábhairne, ardú 21c sa bhliain. B’fhéidir nach ardú iontgach mór é sin ach cuireann sé leis na costais eile, nuair a bhíonn buiséid teaghlaigh faoi bhrú. Agus tá sé ann ag am a bhfuil gach duine ag caitheamh níos mó ar bhia agus ar diocanna.
Ní chreideann an tUasal Hughes, áfach, go bhfuil géarchéim bhoilscithe ann mar go bhfuil praghsanna rudaí áirithe ag ardú ar chúiseanna sonracha.
Dúirt sé: ‘Bhí praghas na mbréagán síos i ndáiríre. Bhí praghas seodra síos i ndáiríre. Ach tá brú praghais an-soiléir i réimsí cosúil le fuinneamh agus bia agus cúpla réimse soláthair eile.
‘Tá brú lóistín ann freisin.’
Dúirt ceannaire Chumann Tomhaltóirí na hÉireann, Dermott Jewell: ‘Faoin tráth seo, tá gach rud is féidir leo déanamh, déanta ag daoine chun gearradh siar a dhéanamh. D’aistrigh siad soláthraithe, d’aistrigh siad a gcineál siopadóireachta, a nós siopadóireachta, rinne siad iarracht fuinneamh a laghdú in aon slí is féidir leo.
‘Is é bun an scéil go bhfuil daoine buailte leis an mballa. Ní thagann sé go maith lena bhfuil le teacht sa bhliain nua. Tugann sé sin le fios go mbeidh sé deacair go leor don tír ar fad.'
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.