‘Cancer patients’ fágtha sa fuacht agus ag gearradh siar mar gheall ar chostais teasa

17/12/2022

Tá brú ar othair ailse (cancer patients) atá gearradh siar ar a dtithe a choinneáil te in ainneoin an titim teochta, agus fágtha sa fuacht, mar gheall ar chostais fuinnimh (energy costs) atá ag ardú.

Tá meánmhéid de €275 in aghaidh na míosa á chaitheamh ag na daoine atá ag troid leis an tinneas ar théamh a dtithe, ar leictreachas agus ar pheitreal le haghaidh cuairteanna ospidéil, sa bhreis ar €200 ar chostais leighis.

Agus le teochtaí le titim chomh híseal le -7C oíche Déardaoin, de réir Met Éireann, d’éiligh dochtúir speisialtóra go bhfuil hipiteirme (hypothermia) forbartha ag roinnt daoine aosta toisc nach bhfuil siad ag téamh a dtithe i gceart.

  Beidh ranna éigeandála ospidéil ag streachailt le cóir leighis a chur orthu siúd a bheidh ag freastal ann, mar fuarthas amach i dtuarascáil nua nach raibh sé ‘neamhchoitianta’ teacht ar othair a bhí ag fanacht suas le 90 uair ar leaba.

patientsEmergency Department Hospital 768x448 1

Agus tá othair ailse atá ag fáil cóireála buailte go dona ag an ngéarchéim costais mhaireachtála, agus an aimsir reoite, agus go leor gearradh siar ar théamh agus an Nollaig ag teacht, de réir taighde nua ó Chumann Ailse na hÉireann (Irish Cancer Society).

Deir an carthanas freisin go bhfuil ardú 30% ar na fiosrúchán atá faighte acu ar chúrsaí airgeadais i mbliana i gcomparáid le 2021.

Dúirt stiúrthóir abhcóideachta Chumann Ailse na hÉireann, Rachel Morrogh: ‘Tá go leor imní i measc daoine atá buailte ag ailse agus imní orthu faoi théamh a dtithe agus ag íoc as an Nollaig.

‘Táimid ag cloisteáil go bhfuil laghdú tagtha ar an méid a chaitheann othair ailse ar bhia ionas gur féidir leo íoc as iompar chuig cóireáil.

‘B’éigean do theaghlaigh eile stop a chur le gníomhaíochtaí spóirt a bpáistí mar níl an t-airgead ann chun iad a choinneáil ag imeacht.

‘D’inis othar eile dúinn nach raibh sé cinnte go raibh a dhóthain peitreal aige chun dul chun cóir leighis a fháil agus go raibh air gearradh siar ar líon na mbéilí a d’ith sé le go bhféadfadh sé airgead a shábháil.’

Léirigh pobalbhreith a rinneadh i measc othair ailse, cúramóirí agus baill den phobal go bhfuil eagla ar níos mó ná leath na n-othar coinneáil suas le costais shéasúr na Nollag i measc costais ardaithe ag am nuair is féidir le hioncam othar níos lú a cheannach.

Ar an meán, tá othair ailse níos buartha faoin gcostas a bhaineann le téamh a dtithe i gcomparáid le daoine eile, le triúr as gach ceathrar ag rá go bhfuil a gcaiteachas ar théamh laghdaithe acu i gcomparáid le 60% i measc an phobail i gcoitinne.

Tá suas le 70% d’othair tar éis gearradh siar ar chostais peitril nó díosail freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram