Stalker le cur as an mBreatain tar éis eagla a chur ar réalta The Crown Claire Foy

Cuirfear an ‘stalker’ a chuir eagla ar réalta The Crown Claire Foy ón mBreatain, agus beidh cosc air dul ar ais riamh.

Dúirt breitheamh nach bhféadfadh an Meiriceánach ‘stopadh ag iarraidh dul i dteagmháil’ leis an aisteoir, agus tá sé le cur ar ais go dtí na Stáit Aontaithe.

Ghlac an réalta páirt Bhanríon Shasana sa chéad dá shraith den seó Netflix.

Dúirt sí go raibh sí ‘faitíosach ina teach féin’ nuair a tháinig Jason Penrose, 49, suas agus labhair sé lena iníon trí an ‘intercom’.

Sheol an stalker na mílte ríomhphost chuig Ms Foy, atá 38 bliain d’aois. D’fhág sé ocht dteachtaireacht fón di, agus sheol sé beartán (parcel) agus litir chuig a baile, nuair a bhí cosc air teagmháil a dhéanamh leis an aisteoir ar feadh cúig bliana.

The Crown Feature Image 768x448 1
The Crown

Ar an Déardaoin, thug breitheamh le fios nach mbeadh ar Penrose dul go dtí príosúin, má gcuirfí as an tír láithreach é.

Rinne an breitheamh an cinneadh sin tar éis litir a sheoladh chuig an gcúirt ag tabhairt foláireamh go leanfadh an Meiriceánach ag scríobh chuig an aisteoir.

Shéan Penrose gur scríobh sé an litir, ach dúirt an Breitheamh David Aaronberg leis an Wood Green Crown Court i Londain: ‘Seo duine atá ag léiriú sa litir go bhfuil “obsession” de shaghas éigin aige le Ms Foy.’

Dúirt an breitheamh go raibh sé ar intinn aige pianbhreith Penrose a chur ar fionraí le cosc air dul isteach sa tír arís.

Ach b’éigean dó chinne an phianbhreith a chur ar athló nuair nach raibh an Home Office in ann a rá cathain a chuirfear Penrose as an tír.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram