Shéanann Vera Pauw éilimh faoi ‘weight shaming’

15/12/2022

Shéan Vera Pauw go láidir éilimh faoi náiriú meáchain (weight shaming) nuair a bhí sí ina cóitseálaí sna Stáit Aontaithe, tar éis éileamh i dtuarascáil nua.

Tá an bainisteoir sacair na hÉireann ainmnithe mar chuid d’fhiosrúchán ar mhí-iompar le líomhaintí faoi náiriú meáchain ag club Meiriceánach, Houston Dash.

Shéan Pauw na líomhaintí a rinneadh ina coinne i séanadh scríofa agus chuir sé in iúl go soiléir nach ndearna sí trácht ar chuma imreoir riamh.

Bhí an cóitseálaí, arb as an Ollainn di, i gceannas ar an club in 2018 sular ceapadh í mar bhainisteoir ban na hÉireann an bhliain dár gcionn. Imríonn Houston Dash i Sraith Náisiúnta Sacair na mBan sna Stáit Aontaithe.

Ainmníodh Pauw, atá 59 bliain d’aoi, go pearsanta tar éis don tsraith agus cumann na n-imreoirí comhthuarascáil (joint report) a thabhairt chun críche.

vera2 1
Vera Pauw Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Áirítear sa tuarascáil líomhaintí a rinne a iar-imreoirí i gcoinne Pauw. Áirítear freisin líomhaintí ar tráchtanna (comments) a rinne sí maidir le meáchan a cuid imreoirí agus na hiarrachtaí a deirtear a rinne sí ar réim bia (diet) na foirne a athrú.

‘Ba chosúil go raibh Pauw ag iarraidh réimeanna bia agus réimeanna aclaíochta na n-imreoirí a rialú agus a mhicribhainistíocht (micromanage) fiú nuair a bhí a threoracha faoi chailleadh meáchain (weight loss) meáchain ar neamhréir leis na cleachtais is fearr sa leigheas spóirt,’ a deir an tuarascáil.

‘Mar shampla, thuairiscigh imreoirí gur dhíspreag Pauw iad ó thorthaí a ithe mar gheall ar a gcion siúcra.

‘Tuairisc imreoirí go raibh tionchar ag tuairimí Pauw ar bhall foirne a bhí ag streachailt le neamhord itheacháin (eating disorder).’

Thosaigh an t-imscrúdú tar éis éilimh faoi chiapadh (sexual harassment) gnéis i gcoinne cóitseálaithe i sraithchomórtas na mBan i SAM anuraidh.

Le déanaí, léirigh Pauw a buíochas as tacaíocht mhuintir na hÉireann tar éis di dul go poiblí lena líomhaintí éignithe níos luaithe i mbliana.

An samhradh seo caite, d’eisigh Pauw ráiteas ag líomhain go ndearnadh ionsaí gnéis uirthi trí huaire, níos mó ná 30 bliain ó shin, agus í fostaithe i bpeil na hÍsiltíre.

Thuairiscigh sí na líomhaintí do na póilíní ina dtír dhúchais, mar aon le dhá ionsaí gnéis eile a rinne beirt fhear eile ina dhiaidh sin, agus fuair sí moladh go forleathan as a misneach tar éis scaoileadh a ráitis ar 1 Iúil.

Dúirt bainisteoir na hÉireann gur thuairiscigh sí an eachtra do FA na hÍsiltíre cúig huaire ach nuair a theip uirthi freagra a fháil chuaigh sí chuig na póilíní.

Ag labhairt di mar aoi ar The Late Late Show ag tús na míosa seo, dúirt sí: ‘Thug muintir na hÉireann tacaíocht iontach dom.’

Níl aon tráchtaireacht déanta ag an FAI ar na héilimh a rinneadh sa tuarascáil ó Mheiriceá.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram