Scoilt sa Rialtas: Tá an Comhaontas Glas as a chéile le Fianna Fáil agus Fine Gael faoi rialacha pleanála molta

14/12/2022

Tá aighneas mór idir an Comhaontas Glas agus a dhá chomhpháirtí sa Rialtas, Fianna Fáil agus Fine Gael.

Áitíonn an Comhaontas Glas nach gcuirfidh siad siar ar phleananna conspóideacha chun cosc a chur ar ghrúpaí cónaitheoirí áitiúla (local resident groups) agóid a dhéanamh in aghaidh iarratais phleanála (planning applications).

Is mar gheall ar an mBille nua um Pleanáil agus Forbairt (Planning and Development Bill) chun athchóiriú a dhéanamh ar dhlíthe pleanála na tíre atá an scéal amhlaidh.

Dúirt an Taoiseach Michéal Martin inné go rachadh an Bille i ngleic leis an ‘méid ama’ a thógann sé tionscadail a cheadú.

Ach tá imní mhór léirithe ag Teachtaí Dála agus Airí an Chomhaontais Ghlais faoin bplean. Creideann siad go gcuirfidh sé stop le grúpaí pobail ó athbhreithnithe breithiúnacha (judicial reviews) a dhéanamh ar chásanna pleanála.

DarraghOBrienTD
Darragh O’Brien

Dúirt urlabhraí de chuid an Chomhaontais Ghlais inné go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh ‘an oiread daoine agus is féidir in ann teacht ar cheartas’.

Ag cruinniú den Chomh-Aireachta (Cabinet meeting) inné, cheistigh airí an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin agus Roderic O’Gorman an tionchar a bheadh ag an mBille ar phobail atá ag iarraidh agóidí a dhéanamh.

Dúirt an tAire Cultúir Ms Martin leis an gcruinniú gur ‘fadhb an-mhór’ a bhí ann dá páirtí.

Dúirt foinsí an Chomhaontais Ghlais, cé go bhfuil gnéithe ‘dearfacha’ leis na moltaí, nach bhfuil siad ag iarraidh srianta a chur ar agóidí ó ghrúpaí cónaitheoirí.

Ach dúirt foinse de chuid Fhianna Fáil: ‘Caithfidh na Glasaigh cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag iarraidh tithe a thógáil nó nach bhfuil. Tá cásanna ‘Nimbyism’ (‘Not In My Back Yard’)  feicthe againn go léir inar glacadh athbhreithnithe breithiúnacha.’

Tagann sé seo tar éis an Aire Tithíochta Darragh O’Brien teacht slán as vóta muiníne sa Dáil.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram