‘This doesn’t pass the Vicky test’: Bille nua mar gheall ar scannal CervicalCheck cáinte sa Dáil

08/12/2022

Níl an dréacht do dlí nua an Rialtais, atá mar thoradh ar obair Vicky Phelan nach maireann, maith go leor, Dúradh sa Dáil.

Dúirt cara Vicky agus iar-cheannaire an Lucht Oibre Alan Kelly TD leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly: ‘This doesn’t pass the Vicky test.’

Dúirt roinnt Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra go raibh tacaíocht acu dá leithéid de Bhille, ach gur shíl siad go raibh an Rialtas ag brú é ar aghaidh ro-tapaigh, ,mar caithfear an ngrinnscrúdú a dhéanamh.

Ag labhairt dó sa Dáil ag tús na díospóireachta ceithre huaire an chloig, dúirt an tAire go bhfuil go leor gnéithe den Bhille seo ag teacht mar gheall ar an eolas ag an méid a foghlaimíodh ón méid a tharla le CervicalCheck.

Vicky Phelan Alan Kelly 2
Vicky Phelan le Alan Kelly

In 2018, léirigh cás Ard-Chúirte Vicky Phelan nár dúradh leis na céadta ban a d’úsáid clár scagthástála ailse na hÉireann (cancer screening programme) CervicalCheck, agus a diagnóisíodh le hailse cheirbheacs (cervical cancer) níos déanaí, go raibh iniúchadh déanta ar a dtorthaí smearaidh (smear results) roimhe sin nó, i gcásanna áirithe, go ndearnadh míthuiscint ar a gcuid smearaidh.

Tar éis bhás Ms Phelan trí seachtaine ó shin, gheall an Rialtas agus polaiteoirí go mbeadh reachtaíocht ann, a thabharfadh aghaidh ar an gceist roimh dheireadh na bliana.

Dúirt a cara, iar-cheannaire Páirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly TD, nár thacaigh beirt fheachtasóirí eile CervicalCheck, Stephen Teap agus Lorraine Walsh, leis an mBille mar atá sé faoi láthair.

Dúirt sé: ‘Níor cheart dúinn a bheith anseo, a Aire. Tá sé seo ag teach ró-thapaigh. Ba mhaith liom tacú leis an mBille seo. Níor cheart dúinn a bheith anseo agus á dhéanamh mar seo.’

Vicky Phelan 3
Vicky Phelan

Dúirt sé, bunaithe ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair, i gcás Vicky ‘nach mbeadh aon oibleagáid’ ann a insint di faoi thorthaí a smearaidh iniúchta (audited smears) mura rud é gur iarr sí iad.

Dúirt sé: ‘Sin an fáth nach féidir linn tacú leis mar atá sé dréachtaithe faoi láthair. Ní éiríonn leis seo i dtástáil Vicky, agus tá sé chomh tábhachtach domsa.’

Ag am bás Vicky labhair an tUasal Kelly go mothúchánach faoina chara.

Dúirt sé: ‘Is dócha i do chroí, bhí a fhios agat go dtiocfadh an lá seo, ach tá sé fós ina turraing mar go raibh sí i gcónaí ag teacht ar ais.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram