Déanann an Pápa comparáid idir ionradh Putin ar an Úcráin agus ‘extermination operations’ na Naitsithe

Chuir an Pápa Francis ionradh Putin agus fórsaí Rúiseacha ar an Úcráin i gcomparáid le hoibríocht Naitsíoch (a Nazi operation) a mharaigh thart ar dhá mhilliún duine, Giúdaigh den chuid is mó, i mblianta tosaigh an Dara Cogadh Domhanda.

Ag labhairt dó le hoilithrigh (pilgrims) na Polainne ag a cruinniú lucht éisteachta ginearálta seachtainiúil, thug an Pápa Francis faoi deara go raibh Ollscoil Chaitliceach Lublin, an Pholainn, tar éis comóradh Oibríocht Reinhard le déanaí.

Ba é sin an códainm don oibríocht rúnda i 1941 i gcuid den Pholainn a bhí faoi seilbh ag na Gearmánaigh ag an am agus ar a thug siad limistéar an ‘Rialtas Ginearálta’ air. Bhí dúiche (territory) ann atá sa Úcráin anois.

‘Go dúiseoidh cuimhne na hócáide uafáis seo rúin agus gníomhartha síochána i ngach duine,’ a dúirt an Pápa, agus é ag tagairt go sonrach don oibríocht, ag rá gur ‘extermination’ a bhí ann.

Vladimir Putin Motorcade 768x448 1
Vladimir Putin

Glaonn  ceannaire na Rúise Vladimir Putin ‘oibríocht mhíleata speisialta’ (special military operation) ar an ionradh ar an Úcráin agus deir sé go bhfuil siad chun an tír a ‘dhí-Naitsíoch’ agus náisiúnaithe a mheasann sé a bheith contúirteach a dhíspreagadh.

Ar ndóigh, cuireann an Úcráin agus a comhghuaillithe i leith Moscó go bhfuil cogadh neamhspreagadh déanta chun seilbh a fháil ar dúiche óna comharsa atá ar son an Iarthair.

Ó thosaigh an t-ionradh i mí Feabhra, tá Pápa Francis ag éirí níos láidre agus é ag cáineadh gníomhartha na Rúise.

Ach tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhféadfadh a arm a bheith ag troid san Úcráin le fada an l,.

Níos luaithe, dúirt comhghuaillí na Rúise sa Bhealarúis go raibh siad ag bogadh trúpaí agus crua-earraí míleata chun dul i ngleic leis an rud ar a dtugtar ‘bagairt sceimhlitheoireachta’ (threat of terrorism) air, i measc comharthaí go bhféadfadh Moscó a bheith ag brú ar Bealarúis chun cogaíocht nua a oscailt san Úcráin mar go bhfuil an iomad fadhbanna ag an Rúis.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram