Tá Raheem Sterling le socrú an bhfillfidh sé ar Catar roimh chluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain Shasana i gcoinne na Fraince Dé Sathairn.
Ní raibh an tostóir páirteach i mbua Dé Domhnaigh ar an tSeineagáil mar gheall ar imní faoi a mhuintire tar éis briseadh isteach ina theach cónaithe i Surrey i Sasana.
D’fhill Sterling, atá 27 bliain d’aois, go dtí an Bhreatain agus creidtear go bhfuil sé sásta taisteal ar ais go Catar, a fhad is atá a theaghlach slán.
Tá bearta slándála breise á dtabhairt isteach acu.
Tá na póilíní i Surrey ag iarraidh a fháil amach an raibh baint ar bith ag gabháil le beirt fhear oíche Dé Máirt, gar don áit ina bhfuil cónaí ar Sterling, leis an bhuirgléireacht ina theach, a tuairiscíodh Dé Sathairn seo caite.
Mar sin féin, dúradh tráthnóna Dé Céadaoin ‘ag an am seo’ nach raibh baint ag na gabhálacha leis an briseadh isteach i dteach Sterling.
D’fhógair an FA Dé Domhnaigh seo caite nach raibh Sterling ar fáil don chluiche in aghaidh na Seineagála toisc go raibh sé ag déileáil le hábhar teaghlaigh.
Léirigh foinsí gar don imreoir ar dtús gur bhris ionróirí armtha isteach ina theach agus a theaghlach istigh, ach dúirt ráitis phóilíní ina dhiaidh sin gur thuairiscigh na daoine a bhí ina gcónaí sa teach go raibh míreanna ar iarraidh, tar éis dóibh filleadh ar áras an teaghlaigh ó thuras idirnáisiúnta.
Dúirt póilíní Dé Luain go raibh siad ag obair le fáil amach go beacht cathain a tharla an briseadh isteach.
.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.