Tugann athair ómós dá iníon a fuair bás de Strep A … agus tá imní faoi bhás eile sa tír seo

Thug athair croíbhriste ómós dá iníon cúig bliana d’aois inné; ba í an chéad íospartaigh Strep A dearbhaithe (confirmed) in Éirinn.

Ag an am céanna tá faitíos ann gur bhásaigh leanbh ceithre bliana d’aois i mBaile Átha Cliath de bharr an ionfhabhtaithe (infection).

Dheimhnigh an Dr Eamonn O’Moore, stiúrthóir um Chosaint Sláinte Náisiúnta leis an HSE, go bhfuil siad ag fiosrú Strep A mar chúis bháis féideartha i gcás leanbh ceithre bliana d’aois i gceantar a chlúdaíonn oirthuaisceart agus tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Chuaigh Stella-Lily McCorkindale, as iarthar Bhéal Feirste, chuig ospidéal leis an ionfhabhtú an tseachtain seo caite agus fuair sí bás in Ospidéal Ríoga Victoria, Béal Feirste, Dé Luain, i láthair a hathar Robert agus a máthair Colette.

StrepAStella Lily McCorkindale 1 480x672 1
Stella-Lily McCorkindale,

Chuimhnigh Robert uirthi inné leis na focail: ‘Ba bhreá linn gach nóiméad le chéile, ag siúl an bhóthair seo ar ár turais scútair nó ar ár turais rothair, siopadóireacht in Iceland agus cónaí in aice leis na comharsana is fearr a shiúil an domhan seo riamh.’

Deimhníodh go bhfuair ochtar leanaí bás sa Bhreatain de Strep A le seachtainí beaga anuas.

Suas go dtí an 26 Samhain, taifeadadh 55 cás in Éirinn i mbliana, a raibh 14 acu leanaí faoi 10 mbliana d’aois. As gach cás i mbliana, tá 21 tuairiscithe ó thús mhí Dheireadh Fómhair.

Tá beirt daoine fásta, os cionn 55 bliain d’aois, tar éis bháis den ghalar i mbliana, dar le An HSE.

Cad é Strep A?

Is é ‘Streptococcus Grúpa A’ an t-ainm a thugtar ar chineál baictéir a d’fhéadfadh a lán ionfhabhtuithe éagsúla a scaipeadh, a bhformhór daoibh éadrom. Ach is féidir leis galair mharfacha a scaipeadh ar nós an fiabhras scarlet (scarlet fever) agus an ‘Strep Throat’.

Conas a leathnaíonn sé?

Trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe. Is mó an baol leathadh nuair a bhíonn duine tinn.

Cén fáth leis an méadú?

Tá sé ráite ag saineolaithe go bhféadfadh go mbeadh an milleán ar an Dianghlasáil (lockdown) Covid, mar bhí laghdú  ar imdhíonacht (immunity) ón ghalair.

Cad is Strep ‘invasive’ ann?

Ionfhabhtú a bhíonn bagrach don bheatha uaireanta, ina téann na baictéir isteach i codanna den chorp ar nós na fola, matán domhain (deep muscle) nó na scamhóga.

An féidir é a chóireáil?

Déantar an fiabhras scarlet agus an ‘impetigo’ a chóireáil le antaibheathaigh (antibiotics). Ba chóir d’aon duine a cheaptar go bhfuil Strep ‘invasive’ aige cabhair leighis a lorg láithreach.

Cad iad na comharthaí?

Ní hionann scornach Strep agus gnáth scornach tinn agus féadann pian teacht ar aghaidh go han-tapa. I measc na comharthaí tá fiabhras agus tonsils dearg. Molann an HSE dul go dtí an dochtúir mura dtagann feabhas ar scornach tinn tar éis coicíse, nó má bhíonn teocht ag an othar, nó má mhothaíonn sé te agus ‘shivery’, nó má tá córas imdhíonachta (immune system) lag ag duine. Is minic a bhíonn comharthaí an fhiabhrais scarlet cosúil le fliú.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram