‘Foghlaim stair na hÉireann’: Tá Rees-Mogg cáinte ag FF TD as diúltú do na cosúlachtaí idir Éire agus an Úcráin

05/12/2022

Dúradh leis an Tory MP Jacob Rees-Mogg ‘staidéar’ a dhéanamh ar stair na hÉireann, tar éis dó a mhaíomh go raibh sé ‘mícheart’ troid na hÉireann ar son neamhspleáchais a chur i gcomparáid le troid na hÚcráine in aghaidh na Rúise.

Rinne Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen comparáid idir streachailt na hÉireann agus streachailt na hÚcráine, ina haitheasc don Oireachtas, an tseachtain seo caite.

Dúirt sí gur mhaith léi labhairt ar chúig bhuanna Éireannacha a ‘chabhróidh lenár n-Aontas aghaidh a thabhairt ar na comhdhúshláin atá romhainn’.

‘Ar dtús, paisean na hÉireann don tsaoirse. Tá a fhios ag an tír seo cad is brí le streachailt ar son an chirt a bheith ann,’ a dúirt sí.

Micheal Martin Ursula Von Der Leyen
Ursula Von Der Leyen leis an Taoiseach Michael Martin. Pic: Fran Veale

‘Inniu, tá náisiún Eorpach eile ag troid ar son an neamhspleáchais. Ar ndóigh, tá Éire i bhfad ar shiúl ón líne tosaigh san Úcráin.

‘Ach tuigeann tú níos fearr ná an chuid is mó dúinn, cén fáth go bhfuil an cogadh seo chomh tábhachtach dúinn go léir,’ ar sise.

Dúirt Rees-Mogg, a bhí ina rúnaí gnó faoi phríomh-aire na Breataine Liz Truss a d’imigh le déanaí, nach féidir an dá rud a chur i gcomparáide.

‘Is rud neamhghnách é a rá – neamhdhioplóideach, mí-chiallmhar agus mícheart,’ a d’éiligh an MP Coimeádach.

De réir Rees-Mogg: ‘Léiríonn sé nach bhfuil sí ar an eolas go hiomlán ar na cúinsí stairiúla.

‘Agus léiríonn sé aineolas faoi chaidreamh na Ríochta Aontaithe le hÉirinn, agus teip thragóideach tuiscint a fháil ar an urchóid (wickedness) a bhaineann le hionradh Putin ar an Úcráin, rud a d’fhág gur maraíodh daoine neamhchiontacha,’ a dúirt sé leis an Daily Telegraph.

James OConnor
James O’Connor. Pic Stephen Collins/Collins Photos

Mar sin féin, dúirt TD Fhianna Fáil James O’Connor go bhfuil Rees-Mogg ‘naive’, agus dúirt sé gur léirigh sé easpa tuisceana ar thionchar riail na Breataine in Éirinn.

‘Sílim go raibh dearcadh an Pháirtí Coimeádach ar neamhspleáchas na hÉireann i gcónaí lochtach go leor,’ a dúirt sé.

‘Thaispeánfainn freisin an ról a bhí ag [iar-phríomh-aire] Winston Churchill in imscaradh na bhfórsaí ‘Auxiliary’ sa tír seo, timpeall aimsir an neamhspleáchais, rud a fhágfaidh a rian ar pholaitíocht na hÉireann go ceann céad bliain eile, i bhfianaise an phian a chuir siad ar an tír

‘Ní léiríonn an leagan den stair a mhúintear i gcóras oideachais an Bhéarla an dochar a rinne sé,’ a dúirt sé.

Dúirt an tUasal O’Connor gur cheart don do Rees-Mogg oideachas a chur air féin faoi stair na hÉireann, tar éis  na ráiteas.

‘B’fhéidir go mbeadh sé ciallmhar ag [an tUasal Rees-Mogg], a mheasann sé féin go bhfuil ceann de na hintleachta is fearr i dTeach na dTeachtaí aige, staidéar a dhéanamh air,’ a dúirt sé.

Ag labhairt di ag comhshuíomh an Oireachtais, dúirt von der Leyen gur thuig Éire nach raibh an troid ar son na hÚcráine faoi aon tír amháin. ‘Díreach cosúil lenár gcairde in Oirthear na hEorpa, tá a fhios agat go bhfuil níos mó i gceist san Úcráin ná mar atá sa todhchaí do tíre amháin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram