‘Thar a bheith sásta’: Deir O’Gara go bhfuil a chinneadh déanta aige faoi phost rugbaí Shasana

03/12/2022

Tá Ronan O’Gara tar éis é féin a chur as an áireamh don phost mar oiliúnóir Sasana, agus ina ionad sin tá sé chun fanacht le La Rochelle, tar éis míonna tuairimíochta.
Bhí O’Gara go mór nasctha le an post Shasana – post a cheaptar a mbeidh ar fáil mar go mbeidh Eddie Jones ag éirigh ass tar éis Chorn an Domhain Rugbaí an bhliain seo chugainn.

ogara2 1


Chuir O’Gara a spéis sa ról in iúl go poiblí, agus deirtear go raibh sé ar ghearrliosta ag RFU Sasana, le beirt eile.
Mar sin féin, léirigh tuairiscí ón Fhrainc níos luaithe an tseachtain seo go roghnódh O’Gara fanacht in éineacht le La Rochelle.
Tá sé deimhnithe anois ag an fear ó Chorcaí nach bhfuil suim aige sa phost, ag iarraidh ar RFU Sasana a ainm a tharraingt siar ón liosta.
Agus é ag scríobh ina cholún don Irish Examiner, dúirt sé: ‘Tá fonn ar La Rochelle fanacht liom agus táim thar a bheith sásta é sin a dhéanamh. Conarthaí [contracts] á n-ullmhú.
B’fhéidir go tiocfaidh athrú ar na himeachtaí sin, ach is é an tuiscint atá ann ná go mbeidh an RFU ag déanamh a gcuid gluaiseachtaí i ndiaidh na Sé Náisiún, agus ní raibh aon chúis mhaith ann moill a chur ar mo chás féin in La Rochelle, agus a bheith ag pleidhcíocht (messing) lenár uachtarán, Vincent Merling.
‘Sin an fáth a d’iarr mé ar an RFU mé a bhaint d’aon liosta tuartha roghanna príomhchóiste.’
Threoraigh O’Gara La Rochelle chuig glóir Chorn na Seaimpíní níos luaithe i mbliana – a gcéad bua mór.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram