Gabhann Vera Pauw buíochas le pobal ‘iontach’ na hÉireann, tar éis di a líomhaintí éignithe a roinnt

02/12/2022

Léirigh bainisteoir fhoireann na hÉireann, Vera Pauw, a buíochas as tacaíocht mhuintir na hÉireann tar éis di dul go poiblí lena líomhaintí éignithe níos luaithe i mbliana.

An samhradh seo caite, d’eisigh Pauw ráiteas ag líomhain go ndearnadh ionsaí gnéis uirthi trí huaire, níos mó ná 30 bliain ó shin, agus í fostaithe i bpeil na hÍsiltíre.

Thuairiscigh Pauw na líomhaintí do na póilíní ina dtír dhúchais, mar aon le dhá ionsaí gnéis eile a rinne beirt fhear eile ina dhiaidh sin, agus fuair sí moladh go forleathan as a misneach tar éis scaoileadh a ráitis ar 1 Iúil.

Dúirt bainisteoir na hÉireann gur thuairiscigh sí an eachtra do FA na hÍsiltíre cúig huaire ach nuair a theip uirthi freagra a fháil chuaigh sí chuig na póilíní.

vera2
Vera Pauw PIc: Stephen McCarthy/Sportsfile

Roinn Pauw – a threoraigh foireann ban na hÉireann chuig Corn an Domhain don chéad uair riamh – a buíochas as an tacaíocht a fuair sí.

Ag labhairt di mar aoi ar The Late Late Show ar RTÉ, dúirt sí: ‘Thug muintir na hÉireann tacaíocht iontach dom.

‘Bhí gach duine ag rá tar anseo, déanfaimid tú a chosaint. Bhí os cionn 3,000 teachtaireacht agam in uair an chloig.

‘Teachtaireachtaí fíor-dhírí agus dea-mhachnaimh a bhí ionú, chun tacú liom. Choinnigh sé sin ar mo chosa mé. Le tacaíocht na foirne, rinne an FAI an-chuid sin domsa.’

Labhair Pauw freisin faoin ualach a baineadh di tar éis di dul go poiblí leis na líomhaintí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram