‘Tá an-imní orainn’: tá eagla ar Michael O’Leary nach mbeidh Aerfort Bhaile Átha Cliath réidh do na sluaite Nollag

01/12/2022

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach Ryanair, Michael O’Leary, go bhfuil imní ar a chomhlacht nach bhfuil Aerfort Bhaile Átha Cliath réidh do na sluaite Nollag.

Tá feachtas earcaíochta fógartha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath do thréimhse na Nollag – ag lorg 500 oibrí nua do 90,000 paisinéir a bhfuiltear ag súil leo.

Tá sé ráite ag Michael O’Leary, áfach, go bhfuil ‘an-imní’ go fóill air nach bhfuil dóthain foirne fostaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath chun cuidiú le cuid den bhrú a mhaolú.

Dublin Airport Queues 768x448 2

‘Is cúis imní dúinn nach bhfuil dóthain foirne slándála earcaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath don [tréimhse] seo,’ a dúirt an tUasal O’Leary. ‘Tá scríofa againn chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ní bhfuaireamar aon ráthaíocht ar ais go mbeidh na geataí slándála ar fad oscailte ó mhaidin go tráthnóna le linn na tréimhse ceithre seachtaine sin.

Anuraidh, thaistil 850,000 duine tríd an aerfort le linn thréimhse choicís na Nollag, ach b’ionann an figiúr taistil roimh an phaindéim agus 1.5 milliún, agus d’fhéadfadh líon na bliana seo a bheith níos airde fós.

Thuairiscigh gníomhairí taistil (travel agents) ardú mór ar líon na ndaoine a théann ar laethanta saoire an Gheimhridh i mbliana.

Ach is cúis imní é seo agus ceaptar nach mbeidh an t-aerfort in ann déileáil leis na huimhreacha a bhfuiltear ag súil leo an Nollaig seo.

Agus phléigh Coiste Iompair an Oireachtais an cheist Dé Céadaoin.

Michael OLeary 1
Michael O’Leary

Dúirt TD Fhine Gael Kieran O’Donnell, cathaoirleach an Choiste Iompair, go scríobhfadh sé chuig an DAA chun fiafraí den chomhlacht an bhfuil dóthain foirne aige do thréimhsí na Nollag agus na Cásca atá le teacht.

Tá sé ráite ag Darren O’Rourke, urlabhraí iompair Shinn Féin, go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an DAA gach rud atá ina chumhacht acu chun athuair a sheachaint ar an méid a tharla i rith an tsamhraidh.

‘Ciallaíonn sé sin a chinntiú go bhfuil acmhainn ann, ach freisin go bhfuil plean teagmhasach ann mar gur theip orthu é sin a bheith i bhfeidhm i rith an tsamhraidh,’ a dúirt sé.

Tá sé ráite ag an DAA go bhfuil sé ag iarraidh roinnt folúntas a líonadh, cosúil le go leor oibreoirí eile.

Dúirt an t-Urlabhraí Graeme McQueen leis an Irish Daily Mail: ‘Tá an DAA ag leanúint ar aghaidh ag earcú, mar atá déanta go leanúnach aige le 12 mhí anuas, le haghaidh roinnt ról ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram