Tá Jules Thomas, iar-pháirtí Ian Bailey, tar éis a rá leis an Ard-Chúirt go raibh sí cosúil le ‘pariah’ sa tsochaí, tar éis sraith teilifíse Netflix faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier.
Dúirt sí gur thug an clár faisnéise (documentary) le tuiscint go raibh eolas aici faoin dúnmharfóir, nár thug sí do na gardaí. Dúirt sí, gur chuir an pobal áitiúil agus ceannaitheoirí ealaíne bac uirthi, dá bharr sin.
Rinne an t-ealaíontóir tírdhreacha gearán freisin go ndearnadh cuir isteach ar a príobháideacht, agus gur léiríodh a teach in Iarthar Chorcaí mar ‘hovel’.
Dheimhnigh sí don chúirt go bhfuil sí ag tabhairt cás cúirte i gcoinne Netflix mar gheall ar fhulaingt mhothúchánach d’aon ghnó a d’eascair as an gclár faisnéise.
D’aontaigh sí leis an mBreitheamh Cian Ferriter go raibh éileamh á dhéanamh aici freisin ar bhréagacht dhíobhálach agus faillí (injurious falsehood and negligence).
Níl éileamh clúmhillte (defamation) á dhéanamh aici, a dúirt sí.
D’fhreastail Ms Thomas, as an Scoil in Iarthar Chorcaí, ar an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath chun cead na cúirte a lorg a cás a sheirbheáil ar Netflix, agus ar chosantóirí beartaithe eile, atá lonnaithe lasmuigh den tír.
Is iad sin an comhlacht léiriúcháin Lightbox Media, a bhfuil a cheanncheathrú i Londain, agus an stiúrthóir John Dower, as Streatham, Londain Theas.
Tá ceanncheathrú Netflix i California.
Bhí na cosantóirí freagrach as an tsraith trí pháirt, Sophie: A Murder in West Cork, a léiríodh den chéad uair ar Netflix anuraidh.
Scar Ms Thomas ó Ian Bailey anuraidh, agus tá sí míshásta leis an mbealach ar léiríodh í sa chlár faisnéise.
Ina ráiteas faoi mhionn (sworn statement), dúirt sí: ‘Bhí roinnt míchruinneas, déantús agus bréagscéalta soiléire sa mhionshraith (míní-series) a thug le tuiscint go raibh faisnéis agam maidir le dúnmharfóir Ms du Plantier, nár nocht mé de na Gardaí.
Dúirt sí go raibh tionchar ag na bréagscéalta ar an dearcadh a bhí uirthi agus ar an gcaoi ar chaith an pobal áitiúil léi.
‘Rinneadh ‘pariah’ sa tsochaí dom, rud a chuir isteach go diúltach ar mo shláinte mhothúchánach, meabhrach agus fisiceach,’ a dúirt sí.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.