Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe tar éis diúltú do bheart an Tánaiste ciorruithe cánach (tax cuts) a thabhairt d’fhorbróirí (developers).
Dúirt Leo Varadkar, a bheidh ina Thaoiseach i gceann cúpla seachtain, go bhfuil sé ag iarraidh ciorruithe cánach a thabhairt isteach, le go mbeidh sé ‘inmharthana’ (viable) d’fhorbróirí coinneáil orthu ag tógáil tithe, ainneoin na gcostas ardaithe.
D’iarr sé freisin ar an Roinn Airgeadais ‘aigne níos oscailte’ a bheith acu, maidir le forbairtí cánach agus tithíochta.
Ach tugadh foláireamh don Uasal Donohoe, i mí Lúnasa, go mbeadh bearta dá leithéid costasach don Stát, agus go mbeadh an tionchar acu theoranta ar líon na dtithe a thógfaí.
Nuair a cuireadh ceist ar Aire Fhine Gael, an tUasal Donohoe, faoi thuairimí cheannaire a pháirtí, dúirt an tAire Airgeadais go gcaithfidh an Rialtas a bheith ‘an-chúramach’ maidir le faoiseamh cánach a mhéadú san earnáil sin.
'Ar ndóigh, déanfaidh an Roinn na roghanna atá ann a mheas i gcónaí, chun breathnú ar conas is féidir linn tacú le seachadadh (delivery) níos mó tithe inár dtír,' a dúirt an tUasal Donohoe.
‘Mar atá léirithe sa Bhuiséad atá díreach déanta agam, agus sna buiséid eile ar fad le blianta beaga anuas, creidim go gcaithfimid a bheith an-chúramach le fás an fhaoisimh chánach (tax relief) inár n-earnáil réadmhaoine (property sector) , mura bhfuilimid muiníneach gur féidir leo níos mó tithe a sheachadadh.
Thug an tUasal Donohoe faoi deara go raibh méideanna ollmhóra maoinithe tugtha cheana féin do ghnólachtaí san earnáil phríobháideach chun tacú le seachadadh tithe.
Roimhe seo, thug oifigigh i roinn an Uasail Donohoe rabhadh (warning) dó gur chuir sosanna cánach le haghaidh tithíochta leis an ngéarchéim airgeadais.
Léiríonn doiciméid, a ullmhaíodh don Aire Airgeadais roimh an mBuiséad, go raibh oifigigh amhrasach faoin gcineál sosanna cánach a mhol an tUasal Varadkar.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.