Réalt Sasana Ben White ag dul abhaile ó Chorn an Domhain ar chúiseanna pearsanta

29/11/2022

Tá Ben White imithe abhaile ón gCorn Domhanda mar gheall ar chúiseanna pearsanta agus níltear ag súil go bhfillfidh sé ar ais go champa Shasana.

Fuair an cosantóir, atá  25 bliain d’aois, áit i bhfoireann Gareth Southgate tar éis tús bliain ar fheabhas le Arsenal.

Ní raibh White sa chéad dá chluiche i nGrúpa B le haghaidh Shasana agus ní raibh áit dó ag an bua 3-0 in aghaidh na Breataine Bige, de bharr tinnis.

De réir ráiteas ón gCumann Peile: ‘D’fhág Ben White campa traenáil Shasana in Al Wakrah agus d’fhill sé abhaile ar chúiseanna pearsanta.’

Níltear ag cheapa go bhfillfidh an cosantóir Arsenal ar an scuad don chuid eile den chomórtas.

white1 1
Ben White Pic Eddie Keogh – The FA/The FA via Getty Images

‘Iarraimid go n-urramófar príobháideacht an imreora ag an am seo.’

Ní féidir aon athsholáthar a dhéanamh ag an gcéim seo do an Chorn Domhanda agus roinn Arsenal ráiteas an FA ar a gcuid meáin shóisialta, leis an bhfotheideal “Tá muid go léir leat, Ben” agus emoji croí grá.

Bhí White ag a dhara mórchomórtas le Sasana, tar éis dó a bheith san áireamh sa scuad a shroich cluiche ceannais Chraobhchomórtas na hEorpa an samhradh seo caite.

Níor tháinig an cosantóir i láthair le linn an chomórtais agus níl ach dhá chaipín buaite aige ó shin, ag tógáil a scór iomlán go ceithre.

Bhí amhras faoi James Maddison nuair a d’imigh sé as i gcluiche deirenach a bhí ag Leicester, ach bhí sé ar an mbinse in aghaidh na Breataine Bige.

Bhí a chéad tús ag Kyle Walker, ó chuaigh sé faoi obráid ‘groin’ i mí Dheireadh Fómhair, nuair a bhuaigh Sasana in aghaidh an Bhreatain Bheag, nuair a fuair Kalvin Phillips roinnt nóiméad.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram