Ghabh Gardaí meaisínghunna amhrasta agus ‘silencer’ o dteach i bhFhionnghlas

29/11/2022

Tá imscrúdú ar bun tar éis do na Gardaí meaisínghunna amhrasta (suspected machinegun) chomh maith le trealamh gunna a urghabháil as teach i bhFionnghlas (Finglas), Baile Átha Cliath 11.

Cuardaíodh limistéar áirithe ag coimpléasc árasán i bhFionnghlas ar Dé hAoine seo caite, tar éis eolas a bheith faighte ag Gardaí.

Cuirfear gach earra a fuarthas laistigh den teach chuig Aonad Ballistic an Gharda Síochána le haghaidh anailíse.

Dúirt urlabhraí gur ghabh Gardaí an rud a chreideann siad gur arm tine é, chomh maith le ‘silencer’, agus piléir le linn an chuardaigh.

Gardai generic2 960x560 1

‘Mar thoradh ar eolas a fuarthas, rinne Gardaí as Fionnghlas cuardach ar limistéar i gcoimpléasc árasán,’ a dúirt an t-urlabhraí.

‘Le linn an chuardaigh seo, aimsíodh agus urghabhadh meaisínghunna amhrasta, a bhí clúdaithe le plaisteach bán agus a cuireadh isteach i málaí dubha bruscair.

‘In aice leis an meaisínghunna amhrasta bhí ‘silencer’, piléarlann lódáilte agus mála beag bán ina raibh deich bpeiléar 9mm, agus urghabhadh iad go léir.

‘Seolfar na míreanna go léir a urghabhfar chuig Aonad Ballistic an Gharda Síochána le haghaidh anailíse. Tá imscrúduithe ar siúl,’ a dúirt siad.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram