Cáineann Roy Keane Kane agus Bale as gan na bandaí muinchille ‘OneLove’ a chaitheamh i Catar

26/11/2022

Cháin Roy Keane captaen Shasana agus na Breataine Bige Harry Kane agus Gareth Bale as gan seasamh a ghlacadh agus bandaí muinchille frith-idirdhealaithe OneLove a chaitheamh ina gcluichí i gCorn an Domhain 2022.

Bhí sé i gceist ag Kane an banda muinchille a chaitheamh agus é ag imirt in aghaidh na hIaráine agus bhí Bale chun a a chaitheamh agus é ag imirt i gcoinne SAM.

Mar sin féin bhagair FIFA go gcuirfí pionós ar imreoirí dá gcaithfí na bandaí muinchille.

Agus dá ndéanfadh siad faoi dhó é d’fhéadfaí iad a chur ar fionraí.

Ach ag labhairt dó ar ITV, mar thráchtaire, dúirt Keane gur cheart go mbeadh seasamh glactha ag na fir i gcoinne FIFA, ag rá: ‘Sílim go bhféadfadh na himreoirí é a dhéanamh don chéad chluiche an pionós a ghlacadh, pé rud é.

‘Ráiteas iontach a bheadh ​​ann,’ a dúirtsé.

image
Roy Keane

‘Déan é don chéad chluiche. Má fhaigheann tú do chárta buí, nach iontach an teachtaireacht a bheadh ann, ​​ó Kane nó Bale.

‘Glacann tú leis an pionós, agus ansin san chéad chluiche eile, bogann tú ar aghaidh, mura chaitheann tú é is léir nach bhfuil tú ag iarraidh a bheith ar fionraí.

‘Is dóigh liom gur botún mór a bhí ann, ba cheart don Bhreatain Bheag agus Sasana cloí lena gcuid prionsabal agus é a dhéanamh, cibé brú a thagann ón taobh amuigh agus taobh isteach. ‘

Mar sin féin, níor ghéill peileadóirí na hIaráine do bhrú.

Díreach roimh thús a gcluiche tosaigh i gCorn an Domhain in aghaidh Shasana, tháinig imreoirí na hIaráine le chéile agus dhiúltaigh siad a n-amhrán náisiúnta a chanadh.

Imríonn an Iaráin in aghaidh Shasana, na Breataine Bige, chomh maith le SAM ina gcluichí tosaigh.

Ag tosú i gcoinne Shasana ag Staidiam Idirnáisiúnta Khalifa, roghnaigh scuad na hIaráine gan a amhrán a chanadh.

Ina áit sin, sheas scuad an chluiche go daingean agus d’fhan siad an-docht agus iad ag seasamh don amhrán náisiúnta.

Roimh an gcluiche, dúirt captaen na foirne Alireza Jahanbakhsh go gcinnfeadh an fhoireann ‘le chéile’ an gcanfaidís an amhrán nó nach gcanfadh.

Tagann an cinneadh mar gheall ar oll-agóidí frith-rialtais a bhí ar siúl san Iaráin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram