‘Cén fáth nach féidir linn beirt a bheith ar theastas breithe ár linbh?’: Fearg ar Brian agus Arthur faoi dhlíthe ‘surrocacy’  na hÉireann

26/11/2022

D’iarr tuismitheoirí nua Brian Dowling agus Arthur Gourounlian ar an Rialtas deireadh a chur leis an mearbhall dlíthiúil maidir le máthairionadaíocht (surrocacy) in Éirinn.

Dúirt an réalta Big Brother agus an breitheamh Dancing With The Stars araon go raibh an easpa rialacháin maidir le máthairionadaíocht do lánúin aeracha ‘ag cur mearbhall iomlán orainn’.

Bhí Brian agus Arthur ar cheann de na chéad lánúin den ghnéas céanna in Éirinn a phós tar éis an dlí comhionannais a thabhairt isteach.

Dúirt an lánúin go raibh sé scanrúil go raibh orthu troid ar son bunchearta daonna ar nós pósadh agus tuismíocht.

‘Bhí ar an bpobal LADT gach céim den bhealach a throid chun a bunchearta a fháil. Cath leanúnach atá ann,’ arsa Brian.

Ach níl siad chun géilleadh, dúirt sé.

Brian Dowling3
Brian Dowling agus Arthur Gourounlian le Blake Rose Maria Dowling-Gourounlian.  Pic: Brian Dowling/Instagram

Deich seachtaine ó shin rugadh a n-iníon, Blake Rose Maria Dowling-Gourounlian, tar éis don deirfiúr ab óige a bhí ag Brian, Aoife, gníomhú mar ionadaí dóibh.

Níorbh í Aoife an deontóir uibheacha ach tá sí fós ainmnithe go dlíthiúil mar mháthair bhreithe Blake ar dhoiciméid oifigiúla.

Agus deir Brian agus Arthur nach bhfuil sé sin cothrom do na tuismitheoirí, don leanbh agus don ionadaí.

‘Tá ainm a bheirt tuismitheoirí tuillte ag Blake ar an teastas breithe. Ní hí Aoife an mháthair bhitheolaíoch, ach tá a hainm ar an teastas breithe. Cén fáth nach féidir lenár mbeirt ainm a bheith ar theastas breithe ár n-iníne?’ a d’fhiafraigh Arthur.

‘Go bunúsach, in Éirinn níl aon rialacháin maidir le máthairionadaíocht ar chor ar bith. Mar sin tá tú cineál gafa i lár limistéar éiginnte.

brian dowling one month 3 1
 Pic: Brian Dowling/Instagram

‘Ní raibh muid in ann faic a dhéanamh in Éirinn chun ubh deontóra a fháil. Ní raibh áit ar bith in Éirinn a bhféadfá dul, agus mar sin bhí orainn dul lasmuigh den Stát.

‘Ar an teastas breithe, tá Aoife ainmnithe mar mháthair bhitheolaíoch Blake agus ní mar sin atá an cás mar gur úsáideamar ubh deontóra. Ba í Aoife an t-iompróir. Mar sin, mar atá sé faoi láthair, níl mórán cearta ag duine againn i ndáiríre maidir lenár n-iníon.’

Tagann pléadáil na lánúine tar éis do bhreitheamh Ard-Chúirte labhairt amach faoi plean an Rialtais  maidir le máthairionadaíocht.

Dúirt an Breitheamh John Jordan go raibh sé míshásta tar éis dó a fháil amach ó na meáin chumarsáide go bhfuil máthairionadaíocht le rialú trí reachtaíocht.

Dúirt an breitheamh go raibh sé seo éagórach don chúirt agus don lánúin atá i lár an cháis atá ag tabhairt aghaidh ar easpa aitheantais in  Éirinn do shocruithe idirnáisiúnta máthairionadaíochta. Bhí tuairisc go mbeidh reachtaíocht nua ann agus nach mbeidh cead máthairionadaíocht tráchtála in Éirinn.

Is éard atá i gceist le máthairionadaíocht tráchtála idirnáisiúnta ná go n-íoctar mná i dtíortha eile chun leanaí a iompar agus a thabhairt do thuismitheoirí Éireannacha, a thugann a bpáistí ar ais go hÉirinn ina dhiaidh sin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram