Ola Majekodunmi ag nascadh na hÉireann agus an Nigéir le chéile trína cuid oibre

Labhair Aoife Ní Bhraoin le hOla Majekodunmi

Uaireanta agus mé i mbun comhrá le hagallaí, bím ag smaoineamh “Nach bhfuil an t-ádh dearg orm gur féidir liomsa labhairt leis an duine speisialta seo?” Bíonn an t-ádh orm gan dabht. Thuig mé é sin go hiomlán an tseachtain seo caite, agus mé ag labhairt le hOla Majekodunmi, scríbhneoir, craoltóir, léiritheoir, agus oideoir.

Ola Majekodunmi. Pictiúr: Curtha ar fáil
Ola Majekodunmi. Pictiúr: Curtha ar fáil

“Tá mé i mo chónaí i gceantar Dhún Laoghaire i mBaile Átha Cliath. Is craoltóir mé, scríobhneoir mé, léiritheoir agus éascaitheoir. Is breá liom na laethanta seo ag ligint mo scith agus a bheith síochánta agus mé ag dul i dtreo na dtríochaidí. Tá mé ag díriú isteach orm féin agus ag tógáil ama dom féin agus ag léamh. Tá mé ag díriú isteach ar an bhfilíocht go háirithe agus ar an scríobhneoireacht. Cabhraíonn sé liom mo mhothúcháin a chur in iúl. Mar is dócha uaireanta nuair atá tú ag déileáil leis an gcineál stuif seo, go gcheapann daoine go bhfuil tú ‘got it all figured out’, nó rud éigin.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

“Is duine mé a bhfuil scéal suimiúil aige de shaghas éigin, agus m’oidhreacht féin ón Nigéir, agus mé ag plé leis an nGaeilge. Mothaím go bhfuil go leor le rá agam. Tá súil agam go gcabhróidh sé le daoine eile peirspictíocht nua a fhoghlaim. Fuair mé posta inné. Mar sin, tá mé ag súil leis an saol nua!”

Ola 5
Ola Majekodunmi. Pictiúr: Curtha ar fáil

Labhair Ola liom faoi cé chomh tábhachtach is atá a oidhreacht ina saol.

“Tháinig mé chuig Éireann i 1997 le mo thuismitheoirí. Tá an chuid eile de mo chlann sa Nigéir. D’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath. Bhí sé go deas cineál tionchair Nigéaraigh a bheith ann beagáinín. Beidh muid ag dul ann an bhliain seo chugainn, tá súil agam.

“Tá sé suimiúil. Tá mé tar éis é a rá go poiblí. Tá sé suimiúil ag dul i dtreo na dtríochaidí, agus tú tar éis fás aníos anseo in Éirinn, i mBaile Átha Cliath. Ach fós mothaíonn sé go bhfuil daoine ag féachaint ort mar chineál eachtraigh. Cé gur fhás tú aníos anseo. Ach is dócha gur rud nua muid anois — muid tar éis fás aníos anseo. Is dócha go gcaithfidh tú oideachas a chur ar dhaoine go bhfuil daoine cosúil linne ann agus blas Éireannach atá againn agus rudaí mar sin. Níl sé éasca ach an oiread.

“Sin an fáth go bhfuil mé ag tógaint t-am dom fhéin na laethanta seo, mar tá mé cineál ‘burnt out’ ar shlí ag déileáil leis na rudaí seo ar fad. Ach, sin an rud. Mothaím go dtugann an scríobhneoireacht agus an filíocht beocht agus fuinneamh dom. Mar sin, bhí Taibhsín go hálainn. Bhí sé go hálainn a bheith ansin sa Taibhdhearc chomh maith ar hOíche Chultúir. Bhí sé go hiontach gach éinne eile a fheiceáil atá tar éis tograí a dhéanamh cosúil le Ciara Ní É, Louisa Ní Éideáin, agus Seán Mac Dhonnagáin. Bhíodar just ar fad dochreidte. An-oíche a bhí ann.

Ola Majekodunmi. Pictiur Curtha ar fail
Ola Majekodunmi. Pictiúr: Curtha ar fáil

“Thosaigh mé ag scríobh nuair a bhí mé san ollscoil. Bhíos ag déanamh mo bhunchéime ag an am sin, agus mo thráchtas. Bhí mé faoi strus. Thosaigh mé ag scríobh filíochta. Bhí mé ag déanamh roinnt taighde ar an bhfilíocht. Bhí mo thráchtas féin bunaithe ar ghruaig mhná dubha. Bhíos ag léamh go leor ábhair a bhaineann leis an taighde sin. Fós, bím ag scríobh faoin ábhar sin a bhaineann le féiniúlacht chomh maith. Bhain mé sult as. Ach, níor chreid mé riamh i mo scríobhneoireacht féin. Deir daoine rudaí álainne faoi agus bhí mé ag ceapadh, cad atá cearr libhse? Tá mise ag baint spraoi anseo. Ach, caithfidh mé a rá nuair a thosaigh mé ag scríobh filíochta trítheangaí cúpla bliain ó shin, sin an t-am gur chreid mé sa scríobhneoireacht, agus i mo chuid filíochta féin.”

Ní hamháin go mbíonn Ola ag scríobh, ach cuireann sí clár raidió i láthair freisin.

“Bím ag cur Afra-Éire i láthair ar an raidió ar Raidió na Life. Tá mé leo anois ó bhí mé i mo dhéagóir, le blianta fada. Bíonn sé sin ar siúl gach dara Satharn. Is deis álainn í seans a fháil a bheith ag ceiliúradh ilchultúrthacht sa thír seo agus an ceol. Is breá liomsa ‘afro-beats’ agus ceol ón Aifric go ginearálta.

“Tá sé iontach anois go bhfuil mé ag obair le Gaeloideachas, mar mothaím ar chaoi go bhfuil mé ag tabhairt ar ais don chóras atá tar éis cabhrú go mór mór liom. Tá mise mar Chomhordaitheoir Tionscadal Gaeilge le Fighting Words. Bímse ag bainistiú na gceardlanna, agus an clár lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an obair sin go hálainn ar fad. Agus tá siad tar éis dul go mór mór i bhfeidhm ar na páistí go háirithe ag plé leo trí Ghaeilge. Tuigim an córas oideachais i bhfad níos mó anois, caithfidh mé a rá, agus tuigim an cineál smaointeoireachta atá ag páistí i scoileanna Béarla i leith na Gaeilge. Níor thuig mé é sin cheana agus is dócha go bhfuil go leor páistí amuigh ansin sna scoileanna seo atá sa phríomhsruth agus tá siad ag iarraidh a bheith níos fearr sa Ghaeilge. Ach, b’fhéidir nach bhfuil na deiseanna ann dóibh laistigh den churaclam scoile. Bíonn seans agam obair leis na páistí ó na scoileanna Béarla agus b’fhéidir go bhfuil sé casta — mar ansin tá tú ag déanamh ceardlann dátheangach — ach caithfidh mé a rá, tá sé deas blas a thabhairt dóibh ar rud trí Ghaeilge nach mbaineann leis an scoil.”

Bhaineas an-sult as mo chomhrá le hOla. Agus cinnte, táimid ag súil go mór lena chéile a fheiceáil ag an Oireachtas i gCill Airne go luath. Duine álainn atá inti. Déanaigí cinnte éisteacht lena cuid oibre. Ní bheidh aiféala oraibh!


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram