Bhí an ceart ag CMAT, agus tugann a misneach an neart dom labhairt amach freisin, a deir Aoife Ní Bhraoin

Deirtear rudaí a ghortaíonn sinn ach spreag ráiteas CMAT mise le níos mó meas a bheith agam ar na gnéithe maithe de mo shaol.

Cosúil leis na mílte daoine eile, léigheas cad a bhí le rá ag CMAT le déanaí. Agus caithfidh mé a rá gur spreag a gcuid focal mé i ndáiríre.

Ní úsáidim ach Instagram. Ach aon uair a fheicimse físeán CMAT ag feidhmiú, tá a fhios agam cad atá i rannóg na nótaí tráchta sula osclaím iad.

CMAT
CMAT

Cinnte, bíonn go leor ag cur ‘banríon’ uirthi – tá ‘Yup CMAT’ ag dul timpeall na hardán soisiálta anois.

Tá go leor anois ag déanamh trácht ar chorp CMAT.

Cén fáth go smaoiníonn roinnt duine go bhfuil sé ceart go leor iompar mar seo?

Seo píosa de cad a bhí le rá ag CMAT:

‘Tá sé chomh leadránach domsa, mar ghéineas álainn, a bheith i gcónaí ag gearán faoi cé chomh dona is atá an chóireáil atá á déanamh orm mar gheall ar mo chorp. Níl aon faoiseamh ann ó seo – ní féidir le haon duine mé a chosaint ná mé a shábháil uaidh seo.’

Níor cheart go mbeadh ar aon duine ráitis mar seo a dhéanamh. Agus faraor, níl an droch-iompar seo eisiach do na meáin shóisialta.

Bhíos ag Gradam na Meáin (The Media Awards) le déanaí. Ní bhím ag caitheamh gúnaí, mar sin bhí orm ‘hand-me-down’ a fháil ó mo dheirfiúr. Bhíos an-sásta leis an chuma a bhí orm, mar sin féin.

Mise ar an gcairpead dearg 1
Mise ar an gcairpéad dearg

Nuair a landeáil mé agus mo chomhghleacaithe ar an gcairpéad dearg, ghlac grianghrafadóir ár bpictiúir. Bhí mise ar an taobh.

Dúirt sé liom: ‘An féidir leat casadh isteach beagán? Cuirfidh sé cuma beagán níos tanaí ort’.

Caithimse 10 uair sa ghiom gach seachtain – rud a mbainim taitneamh as i ndáiríre. Tá aiste bia sláintiúil agam, agus bím in easnamh calraí gach lá. Agus, tá go leor meáchain caillte agam!

Ach níor cheart go mbeadh aon tábhacht leis sin faoi láthair. B’in iad na smaointí a bhí ag dul tríd mo cheann sa nóiméad sin.

Cé go gcuireann an léirmheas sin isteach orm uaireanta, dheineas dearúd faoi ar feadh na hoíche. Bhí a fhios agam go raibh cuma álainn orm.

Dhírigh mé ar mo chairde. Dhírigh mé ar an gcraic a bhí againn i dTeach an Ard-Mhéara agus The 31 i ndiaidh.

Bímid ag éisteacht le go leor trácht ar an ‘cuma foirfe’. Tá sé le cloisint ar na meáin shóisialta agus sa fhíorshaol. Ní bhíonn CMAT ar na meáin shóisialta, ach bhí na trachtaí a bhfuair sí ar line chomh uafásach gur chuala sí futhú.

Ní bhíonn aon duine maith go leor riamh, is cosúil. Faigheann fiú fir brú cosúil le seo. Caithfidh siad sé-phaca a bheith acu, gan a bheith róchaol nó rómhór. Ach, táimid go léir maith go leor!

CMAT 2

Chuir ráiteas CMAT brón agus díomá orm. Ach, tá faoiseamh orm go raibh sí in ann é a scríobh. Chuir a leochaileacht i gcuimhne dom gur cheart dúinn a bheith deas linn féin.

Nílim ag iarraidh a bheith duairc. Ach caithfidh mé é seo a rá. Beimid go léir marbh lá éigin. Roinnt againn san uaigh. Roinnt againn créamtha. Tá an t-ádh orainn go bhfuilimid beo anois.

Is féidir linn iarracht a dhéanamh sult a bhaint as na rudaí beaga gach lá. Dírigí ar sin. Caith bhur gcuid ama le bhur dteaghlaigh. Ithigí uachtar reoite ar an trá le bhur gcairde.

Téigí go dtí an cheolchoirm sin. Éistigí leis an cheol is ansa libh agus sibh ag tiomáint. Ní bheidh an scála sin tábhachtach nuair atáimid imithe.

Níor cheart go mbeadh orainn cead a iarraidh chun ár scíth a ligean idir an dá linn. Má a dúirt CMAT í féin, ‘Have Fun!’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram