Déanann Róisín Ní Mhaoláin machnamh ar a ghairm beatha, a grá dá teanga dúchais, agus ar an Trá Bháin

Tá Róisín Ní Mhaoláin aitheanta mar láithreoir raidió le Raidió na Life, podhchraoltóir GaelGals ar Raidió Rí-Rá, aisteoir ar Ros na Rún, agus cinnte mar Róisín na Gaillimhe ar na meáin shóisialta

Creidim go bhfuil sé fearáilte le rá go mbíonn Róisín Ní Mhaoláin thar a bheith gnóthach. Tá sí ag obair mar Bhainisteoir Digiteach agus Ar Líne le Raidió na Life. Agus anuraidh, bhí sí ainmnithe sa chatagóir Pearsanta Raidió na Bliana ag an tOireachtas, mar gheall ar a gcuid oibre ar a clár, An Meangadh Beag.

‘Is duine mé le neart caipíní, ach mé fhéin go pearsanta, tá súil agam gur duine oscailte mé, agus cairdiúil. Déanaimse iarracht i gcónaí foghlaim, ag obair go crua, agus aire a thabhairt do na daoine a bhíonn go maith dom.

‘Bím ag iarraidh a bheith thiar sa mbaile an méid is mó gur féidir. Agus bím ag iarraidh a bheith i mBaile Átha Cliath freisin. D’fhreastail mé ar Ollscoil Mhaigh Nuaid. Tá go leor de mo chairde taobh seo tíre.

Róisín Ní Mhaoláin
Róisín Ní Mhaoláin. Pictiúr: Curtha ar fáil

‘Tá mo chroí agus m’anam, agus mo Dhaide thiar sa mbaile. Mar sin, tá an t-ádh orm leis an dá phost atá agam faoi láthair idir Baile Átha Cliath agus Conamara. Ní fheadainn aon rud níos fearr a shamlú, go bhfuil mé in ann a bheith ag obair sa nGaeltacht agus ag obair i mBaile Átha Cliath freisin, agus triail a bhaint as neart rudaí.

‘Rinne mise staidear ar Eolaíocht Shóisialta. Níl baint ar bith aige le aon post a bhí agam. Ach, an rud a dheireanns mé faoi Mhaigh Nuaid ná is áit é gur féidir leat an oiread fás a dhéanamh mar dhuine.

‘Ní ollscoil mór míllteach atá ann. Tá na clubanna, agus na cumainn, agus an tíocht le chéile sin an-láidir i Maigh Nuaid. Is féidir leat triail a bhaint as an oiread rudaí.

‘Chuaigh mise ar ais ag an ollscoil beagán níos deireannaí. Bhí mé 24. Mhothaigh mé go raibh orm tíocht suas le data.

‘Bhí mé ag iarraidh an méid a bhí mé ag déanamh a bheith feiceáilach go pionte. Mhothaigh mé go raibh sé ar nós LinkedIn, fiú go raibh mé ag déanamh Snapchat agus Instagram ag an am.

‘Bhí mé mar oifigeach caidreamh phoiblí don Chumann Gaelach, sula raibh mé mar uachtarán ar an gCumann. Bhí mé ar na meáin shóisialta mar gheall ar sin.

Roisin Ni Mhaolain agus Laura Heeney
Róisín Ní Mhaoláin agus Laura Ní hAoidhne. Pictiúr: Curtha ar fáil.

‘Ag an am, ní raibh mórán daoine ag cruthú ábhar trí Ghaeilge. Motháim ar nós go bhfuil pobal deas ansin (meáin shóisialta de chuid Róisín), agus is duine thar a bheith neirbhíseach mise.

‘Bhí mé ag iarraidh a bheith níos fear i mbun cumarsáide le daoine. Thosaigh mé ag craoladh le Raidió na Life i 2018 nó 2019. Ba chineál ag iarraidh brú a chur orm fhéin a bheith níos muiníní, agus a bheith in ann labhairt le níos mó daoine.

‘Nuair is as cheantar Gaeltachta thú, tá an raidió mar chuid mhór de do shaol. Raidió na Gaeltachta, mar shampla. Céard atá ar siúl sa cheantar ina bhfuil tú? Na scéalta báis – bheadh mo Mhama ag éisteacht leo (agus Róisín ag gáire). Spóirt aitiúil, agus ceoil aitiúil. Bhí sé mar chuid mhór don phobal sa mbaile, agus tá fós.

Roisin Ni Mhaolain ag deanamh pairt Olivia i Ros na Run. Pictiur Ros na RunDArcy Marketing and PRCurtha ar fail
Róisín Ní Mhaoláin ag déanamh páirt Olivia i Ros na Rún. Pictiúr: Ros na Rún/D’Arcy Marketing and PR/Curtha ar fáil

‘Mar sin, mhothaigh sé ar nós brionglóid go mbeinn in ann a bheith ag obair ar an raidió.

‘Bhíodh mé i gcónaí ag éisteacht le Rónán Mac Aodha Bhuí. Thit mé i ngrá leis an stíl a bhí aige: spraíúl agus ceoil agus fáiltiúil.

‘Bhí sé i gcónaí mar rud a cheap mé go mbeadh sé go deas le déanamh, ach níor cheap mé go mbeinn in ann a dhéanamh. Ach de réir a chéile, fuair mé níos compordaí.

‘Anois, tá mé ag ceaptha go bhfuil mé i spás maith – go bhfuil mé in ann suí os chomhair mic gan a bheith ró-neirbhíseach. Bím neirbhíseach fós – go háirithe má tá mé ag clúdach paipeár nuachta nó rud éicint dáiríre mar sin. Ach más rud pop cultúr atá ann, tá mé in ann é a dhéanamh breá éasca.

Roisin Ni Mhaolain. Pictiur Curtha ar fail
Róisín Ní Mhaoláin. Pictiúr: Curtha ar fáil

‘Tá mé chomh sásta gur oibrigh rudaí amach mar sin. Tá an t-ádh orm go bhfuil mé fós anseo i Raidió na Life. Tá an t-ádh orm go raibh na deiseannaí ann, agus fórmhór de na deiseannaí mar go bhfuil an Ghaeilge agam. Is rud deas é sin.

‘Seo é bun agus barr mo shaol ó rugadh mé gur as cheantar Gaeltachta mé, agus go raibh mé ag streachailt le fadbhannaí a bhaineanns le a bheith fás aníos i gceantar iarghúlta,’ a deir Róisín.

‘Is cuimhin liomsa mar ghasúr, bheadh daoine ag rá le mo mhuintir: “Cén fáth go bhfuil tú ag labhairt Gaeilge le do pháiste?” Tá rudaí tar éis athrú an oiread anois go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith “cool”. Ach tá an taobh eile dó feicthe agamsa. Ach, seo é an t-aon saol atá a fhios agam faoi.

‘Tá an t-ádh orm go bhfuil mé in ann a bheith ag taisteal agus fós ag labhairt i nGaeilge. Tá neart daoine atá ag obair trí mheáin na Gaeilge anois nach raibh Gaeilge acu sa mbaile. Is iontach an rud é sin. Ní fheadfainn a shamhlú a bheith ag foghlaim teanga, agus ansin dul ag obair leis an teanga agus gan a bheith agat ón tús.

Ni doigh liom go mbeadh Tadhg sasta le hOlivia ach ta gliondar ar Roisin
Ní dóigh liom go mbeadh Tadhg Ó Díreáin sásta le ‘hOlivia’, ach tá gliondar ar Róisín! Pictiúr: Curtha ar fáil

Bhí Róisín chomh sásta ag labhairt faoina ról mar Olivia Derrane i Rós na Rún

‘Bheadh muid i gcónaí ag breathnú ar Ros na Rún sa mbaile. Tá sé iontach mar chlár. Mar gheall ar na meáin shóisialta, bhí siad ag cuairtú daoine le Gogglebox a dhéanamh. Rinne mé an Gogglebox – an spraíúl! Agus chuaigh siad i dteagmháil liom píosa ina dhiaidh sin.’

Rinne Róisín an t-éisteacht, ach ní raibh sé in ann a bheith sa chlár an bhliain sin. Ach, fuair sí cuireadh le bheith ar an gclár an bhliain ina dhiaidh. Agus anois, is aoibhinn léi an phost.

‘Tá Olivia diffriúil uaim, ach tá súil agam go n-oibreoidh rudaí amach d’Olivia. Bíonn trua agam dí uaireanta ag plé leis na Derranes.

‘Má fheicimse píosa ar an teilifís, bímse ag smaoineamh “Ó mo Dhia, bhí lá iontach agam le Carmel Stephens (Cora) an lá sin”. Ansin, bíonn tú ag breathú ar an scéal agus ag smaoineamh “Ó, tá an scéal thar a bheith dáiríre”. Tá sé deacair cuimhniú ceard atá ar an scaileán, mar gheall ar an méid spraoi a bhí agat sa fhíorshaol.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram