Rian na Fola: Laoch Chiarraí agus an Ku Klux Klan

An raibh an Klu Klux Klan bainteach le dúnmharú fear Gaeltachta, Patrick M. Foley, i 1930? Sin scéal Rian na Fola

Sa chlár fáisnéise Rian na Fola, téann laoch peile Ciarraí agus iriseoir Dara Ó Cinnéide go dtí na Stáit Aontaithe chun fiosrúchán a dhéanamh ar dhúnmharú Ciarraíoch Patrick M. Foley beagnach céad bliain ó shin.

Bhí Patrick M. Foley ina staraí, scríbhneoir, siúnéir, agus poblachtach paiseanta nuair a bhog sé go ó Chorca Dhuibhne go Meiriceá i 1909.

Bhí dhá leabhar tábhachtacha foilsithe aige ar na Blascaoidí agus Corca Dhuibhne faoin am sin.

Díríonn Rian na Fola ar Patrick M. Foley. Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil
Díríonn Rian na Fola ar Patrick M. Foley. Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil

Le linn a chuid taistil thug sé cuairt ar Mheicsiceo, Cúba, Easanna Niagara, San Francisco, Meániarthar na Stát Aontaithe agus na Stáit ó Dheas, agus is in Sallisaw, Oklahoma, i gcroílár na tuaithe ó dheas a chaith sé laethanta deiridh a shaoil, áit ar thug sé cuairt air ach nár fhág sé riamh.

Is trí thimpiste ar éirigh le Dara Ó Cinnéide teacht ar cheann de leabhair Foley agus ba le teann fiosrachta agus de ghrá an dualgais cultúir a bhrath sé a ndeachaigh sé ag fiosrú cérbh é Foley i ndáiríre agus céard a tharla dó le haghaidh Rian na Fola.

Thosnaigh an cuardach ar bharr aille i nDún Chaoin, é ag dul trí scríbhinní Foley agus ag tabhairt cuairt ar an tírdhreach i gCorca Dhuibhne a mhúnlaigh iad, agus as sin téann Dara trasna an Atlantaigh go Bostún áit a bhfaigheann sé léargas ar an saol mar a bhí sé sna 1920idí.

Agus é ag cur Rian na Fola le chéile samhlaíonn sé mar a bhrath an t-imirceach thall le linn na corraíola a bhain le 1916 agus le linn na ré ina raibh coisc ar alcóil sula dtugann sé aghaidh ar Chrios na gCeartchreidmheach in Oklahoma, réigiún a bhí faoi scáth an fhoréigin a bhain le ré an choisc ar alcóil.

Le linn a aistir aimsíonn Dara ábhar cartlainne, fiosraíonn sé ceangail teaghlaigh agus tugann sé eolas nua chun solais le cabhair ó staraithe, iriseoirí agus saineolaithe dlíeolaíochta.

Ní hamháin go dtagann eolas chun cinn faoi bhás mistéireach, ach tugtar léargas ar shaol corraitheach eachtrúil a caitheadh faoi scáth an Spealta Mhóir, faoin naimhdeas i leith inimircigh agus faoin gcorraíl a bhain leis na Stát Aontaithe ag tús an 20ú aois.

Le tírdhreach taibhseach ó thús deireadh agus trí úsáid a bhaint as scéalaíocht shaibhir, ón gcartlann agus as machnamh pearsanta Dhara féin cuirfear scéal Patrick M. Foley ar ais san áit is dual dó, is é sin i dtaifead cultúir Chorca Dhuibhne mar scríbhneoir, staraí agus comharsa ar mhúnlaigh a scéal an stair agus ar a bhfuil lorg a oidhreachta le brath go fóill sa lá atá inniu ann.

Ag réamhthaispeáint de Rian na Fola i Leabharlann Náisiúntana hÉireann tráthnóna Dé Céadaoin, bhronn Mary McGillick agus a deirfiúr Mairéad Bolger, gariníonacha le Patrick M. Foley scríbhínní dá chuid, agus cáipéisí a seoladh ar ais go Corca Dhuibhne i ndiaidh a bháis sna 1930idí ar Chartlann na Leabharlainne.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram