

Chuaigh Beverely – a bhí i ról Liz McDonald in Corrie ar feadh breis agus 30 bliain – isteach i bhfoireann Fair City níos luaithe i mbliana chun ról Lily, máthair scartha Gwen, a ghlacadh.

Agus dúirt an laoch Corrie gur thaitin sé chomh mór sin léi a bheith in Éirinn gur shocraigh sí féin agus a fear céile Jon bogadh anseo agus teach a cheannach i gCill Mhantáin.
Dúirt sí: ‘Táim fós thar a bheith sásta leis an bhfáilte a fuaireamar ó dhaoine in Éirinn.
‘Nuair a thángamar anall i mí Eanáir, bhí sé le haghaidh míosa scannánaíochta, agus bhí Jon agus mé féin chomh tógtha leis an méid maitheasa a bhí daoine linn, i ndáiríre.

‘Anois, ní féidir liom a shamhlú maireachtáil in áit ar bith eile. Tá an oiread sin cabhair faighte againn, teachtaireachtaí grámhara; tá sé dochreidte.’
Nocht Beverely níos luaithe i mbliana go bhfuil ailse brollaigh uirthi.
Dúirt sí leis an RTÉ Guide gur athraigh a saol nuair a fuair sí an diagnóis uafásach.
‘Ní dóigh liom gur smaoiníomar air ag an tús. Nuair a bhfuair mé an diagnóis, athraíonn sé do shaol ar bhealach éigin.

‘Ní raibh an plean ann bogadh anseo go hiomlán, ach bhí Jon istigh chun mé a fheiceáil ag déanamh radharc, rud atá déanta aige go minic ag Corrie.
‘Dúirt sé go bhfuil sé chomh soiléir sin go bhfuil grá agam don seó, go mbím lán le fuinneamh nuair a bhím ar an seit.
‘Ach bhí sé soiléir dúinn go mbeadh sé deacair dul anonn is anall, mar sin shocraíomar ós rud é go bhfuil an oiread sin grá againn beirt anseo, go bhfanfaimis – tá an saol ró-ghearr, mar sin ghlacamar leis an seans.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.