

Tá comórtas Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta sa tír.
Comórtas a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige atá i Siansa.
Bhí ard-oíche go deo ag an lucht féachana a tháinig ó gach cearn den tír chun tacú leis na daoine óga ildánacha seo.

Bunaíodh an comórtas Siansa sa bhliain 2001, agus reáchtáiltear é le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine agus Molscéal TG4.
Bhí sárchaighdeán ceoil ann agus ghlac sé tamall ar na moltóirí, Bernadette Nic Gabhann, Edel Fox agus Oisín Morrison na buaiteoirí a roghnú.
Bhí AISTEAR san iomaíocht le seacht ngrúpa eile ag Siansa; ‘Léas’, Co. Chorcaí; ‘Cludhmór’, Co. an Chláir; ‘Neart’, Baile Átha Cliath; ‘Lonrach’, Co. Loch Garman; ‘Teorainn’, Co. Chiarraí & Co. Chorcaí; ‘Beomhar’, Co. Laoise & Uíbh Fháilí; agus ‘Taisce’, Co, na Gaillimhe.
Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad ‘AISTEAR as Contae an Chláir a thug leo an phríomhdhuais. Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa; Conall Ó Dorchaidhe, Ciarán Ó Braonáin, Diarmuid Ó Slatara, John Eibhúd, Ruaidhrí Mac Gearailt, Clodagh Ní Chinnéide, Ava Ní hAodhagáin agus Tara Ní Bhaoighill.
Rinne Molscéal sruthú beo ar an cheolchoirm Siansa agus ar chainéal YouTube Gael Linn fosta anseo

Is go Contaetha Laoise agus Uibh Fháillí a chuaigh an dara háit agus bronnadh €1,250 ar an ngrúpa BEOMHAR, baill an ghrúpa; Polly Ní Nualláin, Lila Ní Nualláin, Lucy Ní Mhaolmhuaigh, Áine Ní Chinnsealaigh, Fionnán Ó Daltúin. Taidgh Ó Daltúin, Seaic Ó hUiginn,agus Kieu Ní Chonraí.
Chuaigh an tríú háit, agus duais de €750, chuig TEORAINN, as Contaetha Chiarraí agus Chorcaí, baill an ghrúpa: Timmy Keane, Sean Butler, Finín O’Connell, Eoin Foley, Vy ha O’Leary, Hayley Holly, Mahilet O’Leary, agus Cieran Vaquero.
Anuas air sin, bhronn Cathaoirleach Gael Linn, Wayne Mac Feilimí, duais chuimhneacháin ar gach ceoltóir a bhí páirteach sa gCraobh.
Ba é Tristan Rosenstock, as RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chuir an oíche i láthair, agus rinne an stáisiún craoladh beo arís i mbliana.















• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.