

Sheol an tUachtarán Catherine Connolly tuarascáil nua taighde faoi staid na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, tamall gairid ó shin, agus taispeánann sé cuid de na hathruithe móra atá ag tarlú lenár dteanga.
Bhí tráth ann nuair a cheap mic léinn na Gaeilge gurbh iad Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath na háiteanna le dul.
Ach tá athruithe móra tarlaithe le tamall anuas.

Tá díograis mhór don teanga in áiteanna ar nós Ollscoil Mhá Nuad agus, ar ndóigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Agus an staidéar mór nua á sheoladh aici ó Ollscoil Mhá Nuad, dúirt an tUachtarán Connolly: ‘Is léir ón tuarascáil seo go bhfuil dea-thoil anseo san Ollscoil i leith na Gaeilge ach go bhfuil dúshláin phraiticiúla roimpi freisin.
‘Sin ráite, tá ábhar dóchais sna moltaí ar fad a d’eascair ón suirbhé a comhlíonadh. Moltaí, nuair a bheidh siad curtha i bhfeidhm, a rachaidh chun leas agus tairbhe na teanga.’

Anailís chuimsitheach atá sa tuarascáil, Ár gCampas, Ár dTeanga, ar an inniúlacht sa Ghaeilge, ar úsáid na Gaeilge agus ar dhearcthaí i leith na teanga i measc mhic léinn agus bhaill foirne uile in Ollscoil Mhá Nuad.
Breis is 3,000 duine a ghlac páirt sa taighde agus tugann na torthaí le fios go bhfuil dea-thoil an-láidir i leith na Gaeilge i measc phobal na hOllscoile.

I measc phríomhthorthaí an taighde ó na daoine a d’fhreagair an suirbhé in Ollscoil Mhá Nuad, tá na pointí seo a leanas:

Leagtar amach sa tuarascáil 25 cinn de mholtaí praiticiúla chun tacú leis an bpleanáil teanga in Ollscoil Mhá Nuad.
Baineann na moltaí sin le réimsí éagsúla gníomhartha, ina measc, cur le feiceálacht na Gaeilge agus ‘tearmainn teanga’ ar an gcampas, cur leis na deiseanna foghlama Gaeilge, píolótú a dhéanamh ar sheirbhísí áirithe, agus na struchtúir agus acmhainní cuí a chur ar fáil.

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.