Seo chugainn an gadhar gorm! Beidh Bluey as Gaeilge ar RTÉ

An bhfuil sibh réidh le fáilte a chur roimh Bluey, Bingo, Bandit, agus Chilli? Muna bhfuil, táimid cinnte go bhfuil bhur pháistí!

Nocht RTÉ i rith na seachtaine go bhfuil siad chun tús a chur le craoladh Bluey trí Ghaeilge ar an 6ú hAibreán.

Tiocfaidh an scéal seo mar nuacht iontach do pháistí le Gaeilge dúchas, chomh maith le tuismitheoirí a bhfuil ag iarraidh feabhas a chur ar leibhéal Gaeilge a páistí.

Bluey
Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil

 Is clár do pháistí Astrálach atá in Bluey a thosnaigh i 2018. Ó shin a leith, tá grá forbartha ag páistí ar fud an domhain do Bluey, dá teaghlach, agus dá cairde.

Gadhar stoic Astrálach (Australian Cattle Dog/Blue Heeler) atá inti. Úsáideann sí a fhuinneamh agus cineáltas chun a teaghlach agus a chairde a thabhairt le chéile tríd cluichí greannmhara a imirt.

 Tá moladh uilíoch faighte ag Bluey. Tá Bluey á chraoladh i níos mó ná 140 tíre, gan trácht ar na Emmy agus na BAFTA atá buaite aige. Bhí Bluey ina clár do pháistí is mó ar na hardáin sruthaithe sna Stáit Aontaithe i 2024 agus 2025.

Bluey 3
Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil

Bíonn go leor daoine fasta ag féachaint ar an gclár chomh maith. Tá cáil ar Bluey as dul i ngleic le topaicí tábhachtacha, mar shampla éirim mhothúchánach, bás, neamhthorthúlacht agus néaréagsúlacht.

Dúirt Suzanne Kelly, Ceann Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga in RTÉ: ‘Tá Bluey bunaithe mar rogha teaghlaigh ar fud ár seirbhíse, agus anois is féidir linn Bluey, Bingo, Mam agus Daid a chur in aithne lucht féachana nua ar fad.’

Dúirt Dermot Horan, Stiúrthóir Ceannacháin agus Comhléiriú RTÉ: ‘Leanann sé seo ár lainseálacha rathúla de Peppa Pig (Peppa Muc) agus Thomas and Friends (Tomás agus a Chairde) as Gaeilge, agus is cuid dár straitéis é chun na brandaí is mó do pháistí a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do pháistí as Gaeilge agus as Béarla araon.’

RTÉ
Pictiúr: RTÉ/Curtha ar fáil

Is iad na haisteoirí Ros na Rún Gráinne Bleasdale mar Bluey, agus Pól Ó Gríofa mar Dhaid, Bandit, chomh maith le comh-aisteoirí Chonamara Laoise Ní Nualláin mar dheirfiúr bheag Bingo, agus Meadhbh Ní Eidhin mar Mhama, Chilli, a bheidh sa tsraith i nGaeilge.

Tá 26 eipeasóid aistrithe go Gaeilge go dtí seo, le tuilleadh le teacht níos déanaí i mbliana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram