

Tá sé faighte amach ag eolaithe gur féidir leis an solas gorm ar an bhfón póca a bheith ina chúis le dul in aois roimh am, lena n-áirítear caillteanas gruaige, roic agus ciorcail timpeall na súl.
Caitheann an ghnáthdhuine níos mó ná trí huaire an chloig sa lá ar an bhfón; ach tugann an taighde, atá bunaithe ar na haosaigh, le fios go bhfuil seacht n-uaire níos dóchúla gruaig liath a bheith ag daoine atá ag féachaint ar a guthán ar feadh níos mó ná dhá oiread an ama sin ná úsáideoirí níos measartha.
Bhí ciorcail dhorcha timpeall a súl ag beagnach trí cheathrú acu freisin.
Eascraíonn an fhadhb ó na dé-óid (diodes) astaithe solais, nó na LED, laistigh de scáileáin fóin nua-aimseartha a tháirgeann solas infheicthe ardfhuinnimh – ar a dtugtar ‘solas gorm’ go minic – chun dathanna geala a chruthú.

Tá na LED seo le fáil i splanc cheamara an chuid is mó de na gléasanna freisin, rud a thugann le fios nach bhfuil tionchairí agus réaltaí meán sóisialta ag déanamh aon fhabhar dóibh féin.
Cé go gcabhróidh srian a chur leis an nós gan amhras, d’fhéadfadh uachtar gréine a chur i bhfeidhm sula n-úsáideann tú fón nó scagaire ultraivialait a chur leis an scáileán an riosca a laghdú freisin, a deir an fhoireann eolaithe agus deirmeolaithe in Ollscoil Eolaíochtaí Sláinte Bahria in Islamabad.
Tá baint ag úsáid iomarcach fón póca le fo-iarsmaí (side effects) níos mó agus níos mó, lena n-áirítear tinniteas, fadhbanna airde, fadhbanna codlata agus an rud ar a dtugtar ‘muineál teicneolaíochta’ a chruthaíonn pian muineál agus gualainn mar gheall ar an uillinn ag a n-úsáideann daoine a bhfeistí.
Cé gur léirigh roinnt taighde roimhe seo go bhféadfadh solas gorm a bheith nasctha le haosú craicinn níos tapúla ná mar is gnách, níor imscrúdaíodh na naisc idir feistí LED i gcoitinne – lena n-áirítear ríomhairí glúine agus teilifíseáin nua-aimseartha freisin – agus dul in aois roimhe seo.
Bhain 450 duine fásta leis an taighde is déanaí, agus d’admhaigh beagnach leath acu go raibh siad ag úsáid a gcuid fón ar feadh idir cúig agus seacht n-uaire an chloig sa lá, agus chaith duine as gach deichniúr níos mó ama ná sin air.
Agus fuair na heolaithe amach dá fhaide a chaith siad ar a bhfón, is ea is dóichí go mbeadh comharthaí dul in aois níos tapúla.
Bhí seacht n-uaire níos dóichí go mbeadh gruaig liath ag na húsáideoirí is measa i gcomparáid leo siúd a bhí ar a bhfón ar feadh dhá uair an chloig sa lá amháin, agus bhí comharthaí eile dul in aois – amhail craiceann tirim, roic, ciorcail dhorcha agus fiú cailliúint gruaige – i bhfad níos coitianta sa ghrúpa a d’úsáid feistí is mó.
Níor dearadh an staidéar chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcúis a bhféadfadh na LED éifeachtaí dul in aois den sórt sin a chur faoi deara.
Ach tá roinnt staidéir eile tar éis a fháil amach go dtéann solas gorm níos doimhne isteach sa chraiceann ná gathanna UV ó sholas na gréine, rud a chuireann tús le táirgeadh cáithníní tocsaineacha a bhriseann síos collaigine agus ‘elastin’, atá freagrach as daingne agus leaisteachas chraiceann an duine.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.