Cháin an tUachtarán Connolly na hionsaithe ‘d’aon ghnó’ ar an dlí idirnáisiúnta sa Mheánoirthear

08/03/2026

Tá an tUachtarán Catherine Connolly ag cáineadh an chogaidh a thosaigh SAM agus Iosrael, agus brú á chur ar an Rialtas labhairt amach, i gcomhar le ceannairí móra polaitiúla, an t-iar-uachtarán Mary Robinson ina measc.

Tá an tUachtarán Catherine Connolly tar éis dul i gcomhar leis an iar-uachtarán Mary Robinson agus leis na príomhpháirtithe freasúra in Éirinn chun an ‘t-ionsaí d’aon ghnó’ ar an dlí idirnáisiúnta sa chogadh sa Mheánoirthear a cháineadh.

Ina ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan Dé Domhnaigh, dúirt sí nach féidir neamhaird a dhéanamh a thuilleadh ar na ‘hiarmhairtí tubaisteacha’ a bhaineann le sárú Chairt na Náisiún Aontaithe; agus dúirt sí: ‘Ní mór dúinn iad a ainmniú mar sin, gan aon sofhriotal (euphemism) agus gan aon débhríocht (equivocation).

Ionsai ar Tehran
Ionsai ar Tehran

Níor ainmnigh sí réimis Iosrael ná Mheiriceá ina hóráid ach is iad sin an dá thír atá cúisithe as an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh trí ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin an tseachtain seo caite.

Tá a seasamh – agus seasamh na gceannairí polaitiúla eile agus Mrs Ronbinson – i gcodarsnacht leis an gcur chuige a ghlac an Taoiseach agus airí Rialtais, a labhair faoina n-imní faoi choimeádaithe síochána na hÉireann sa Liobáin, tír atá á ionsaí ag fórsaí Iosrael. Mar sin féin níor lúigh siad Iosrael.

Tá brú méadaitheach ón bhFreasúra ar an Taoiseach Micheál Martin chun baghcat a dhéanamh ar chuairt bhliantúil Lá Fhéile Pádraig ar an Teach Bán mar gheall ar an gcogadh.

Dúirt an tUachtarán Connolly: ‘Tá na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta atá á bhfeiceáil againn scanrúil agus maolaitheach (numbing), ach ní féidir linn glacadh le neamhghníomhaíocht. Ní díospóidí polaitiúla iad na rudaí atá feicthe againn le cúpla lá anuas sa Mheánoirthear, agus níos faide anonn.’

Dúirt sí go bhfuil Éire i riocht uathúil, le taifead gan bhriseadh ar shíochánaíocht idirnáisiúnta ó 1958, agus blianta fada de thiomantas don dí-armáil agus don neamh-iomadú (non-proliferation).

‘Agus cuireann ár stair choilíneachta, gorta, agus an réiteach crua, síochánta ar choinbhleacht sa Tuaisceart iallach orainn labhairt go soiléir,’ a dúirt sí.

‘Ní féidir uafás an chogaidh a normalú ná a ghlacadh choíche.’

Thagair sí d’Airteagal 29 de Bhunreacht na hÉireann a gheallann síocháin agus comhoibriú leis an dlí idirnáisiúnta.

Uachtarán Catherine Connolly
Uachtarán Catherine Connolly

Deir Airteagal 29:

1. Dearbhaíonn Éire a dúthracht don idéal síochána agus don chomhoibriú cairdiúil i measc na náisiún atá bunaithe ar cheartas agus ar mhoráltacht idirnáisiúnta.

2. Dearbhaíonn Éire a cloí le prionsabal an tsocraithe shíochánta ar dhíospóidí idirnáisiúnta trí eadráin idirnáisiúnta nó cinneadh breithiúnach.

3. Glacann Éire le prionsabail an dlí idirnáisiúnta a aithnítear go ginearálta mar a riail iompair ina caidreamh le Stáit eile.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur aontaigh sí go láidir leis an ráiteas a d’eisigh an tUachtarán Connolly.

‘Mar a dúirt mé an tseachtain seo, is náireach mainneachtain an Rialtais stailceanna mídhleathacha ar fud an Mheánoirthir a cháineadh,’ a dúirt sí.

‘An tseachtain seo amháin, buamáladh scoil chailíní mar chuid den chogadh atá á sheoladh ag SAM agus Iosrael ar an Iaráin agus maraíodh na céadta leanbh dá bharr.

‘Caithfidh ár Rialtas seasamh suas agus, mar a dúirt an tUachtarán Connolly, na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta a cháineadh.

‘Impím ar an Taoiseach aird a thabhairt ar ghlao an Uachtaráin Connolly, agus athmhachnamh a dhéanamh ar oiriúnacht babhla seamróige a thabhairt don Uachtarán Donald Trump i gceann beagán os cionn seachtaine.’

Mary Robinson

Mhol an Teachta Dála Paul Murphy, Pobal Roimh Bhrabús, idirghabháil an Uachtaráin.

‘Tá sé ríthábhachtach go mbeadh Uachtarán againn a sheasann go soiléir i gcoinne cogaidh agus impiriúlachais. Is náireach é go bhfuil Rialtas againn a dhiúltaíonn déanamh amhlaidh,’ a dúirt sé.

Dúirt ceannaire na n  Daonlaithe Sóisialta, Holly Cairns, go raibh sí ‘sásta go bhfuil duine éigin i riocht údaráis sa Stát tar éis na hionsaithe uafásacha ar an Iaráin ag na Stáit Aontaithe agus ag Iosrael a ainmniú mar shárú soiléir ar an dlí idirnáisiúnta’.

Dúirt urlabhraí gnóthaí eachtracha Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, go rinne an tUachtarán Connolly ‘ráiteas fíriciúil’.

Dúirt Mrs Robinson go bhfuil na hionsaithe ag na Stáit Aontaithe agus ag Iosrael ar an Iaráin ‘mídhleathach agus go sáraíonn siad an dlí idirnáisiúnta’.

Ag labhairt i mBéal Feirste Dé Sathairn, dúirt sí: ‘Anois tá an cogadh seo againn ag Iosrael agus ag na Stáit Aontaithe ar an Iaráin a d’oscail scrios den sórt sin sa Mheánoirthear.

‘Táimid ag feiceáil an bonn á bhaint den riail reachta, rud atá ina ábhar imní mór dár ndomhan mar is riail chumhachta í, agus ní mór dúinn dul i ngleic leis sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram