

Tá an bainisteoir Ruben Amorim curtha as a phost ag Manchester United.
Beidh Darren Fletcher i gceannas ar an fhoireann i gcoinne Burnley Dé Céadaoin.

Bhí Amorim i gceannas ar an gclub ar feadh 14 mhí ach fágann sé tar éis briseadh síos sa chaidreamh laistigh den chlub.
Tá siad sa séú háit sa Phríomhroinn faoi láthair.
Bhí Amorim ag tabhairt le fios le cúpla seachtain anuas nach raibh sé sásta leis an leibhéal cur isteach ó bhord Manchester United.
Ainmníodh é mar ‘phríomhchóitseálaí’ nuair a d’fhógair an club a theacht, ach le déanaí dúirt sé go raibh easaontais leis an gclub faoi spriocanna aistrithe.
Agus bhí a fadhbanna maidir le teannas méadaitheach le stiúrthóir peile Jason Wilcox ag éirí níos láidre le tús fhuinneog aistrithe (transfer window) mhí Eanáir.
Tar éis comhscór 1-1 United le Leeds Dé Domhnaigh, chuir Amorim dúshlán ordlathas an chlub ag rá ina phreasagallamh i ndiaidh an chluiche: ‘Níl uaim ach a rá gur tháinig mé anseo le bheith i mo bhainisteoir, ní le bheith i mo chóitseálaí.
‘I ngach roinn – an roinn scabhtála, an stiúrthóir spóirt – ní mór dóibh a gcuid oibre a dhéanamh. Déanfaidh mise mo chuid féin ar feadh 18 mí agus ansin bogfaimid ar aghaidh.
‘Níl uaim ach a rá go mbeidh mé i mo bhainisteoir ar an bhfoireann seo, ní hamháin i mo chóitseálaí. Bhí mé an-soiléir faoi sin.
‘Beidh deireadh leis sin i gceann 18 mí agus ansin bogfaidh gach duine ar aghaidh. Sin a bhí mar gheall air. Sin mo phost. Ní le bheith i mo chóitseálaí.’
Mar sin féin, dúirt an club Dé Luain: ‘D’fhág Ruben Amorim a ról mar phríomhchóitseálaí Manchester United.
‘Ceapadh Ruben Amorim i mí na Samhna 2024 agus threoraigh sé an fhoireann chuig Cluiche Ceannais Sraith Europa UEFA i mBilbao i mí na Bealtaine.

‘Le Manchester United sa séú háit sa Phríomhroinn, tá cinneadh déanta ag ceannaireacht an chlub, le drogall, gurb é seo an t-am ceart chun athrú a dhéanamh.
‘Tabharfaidh sé seo an deis is fearr don fhoireann an chríoch is airde is féidir a bhaint amach sa Phríomhroinn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.