An bhfuil gníomhartha impiriúla Trump chomh nua sin i ndáiríre?

05/01/2026

Rinne Donald Trump éilimh scanrúla faoi Veiniséala a rialú, a hola a fháil agus fiú díriú ar Chúba ina dhiaidh sin. Ach ní rud nua é an drochmheas seo ar shaoirse thíortha eile ag Meiriceá.

Tá an tUachtarán Donald Trump ag déanamh gaisce le fada an lá faoi na hocht gcoimhlint a bhfuiltear ceaptha go bhfuil réiteach faighte aige orthu, ach déanann sé go leor maíomh faoi féin nach bhfuil bunaithe ar fhíricí.

Deir na tráchtairí idirnáisiúnta a cháineann é gur léiriú tubaisteach ar chumhacht bhrúidiúil agus féinsmacht Mheiriceánach faoi Trump é a ionsaí ar Veiniséala.

Nicolás Maduro
Nicolás Maduro

Mar sin féin, deir daoine eile nach bhfuil sé ach ag leanúint patrún atá á leanúint ag Meiriceá ó tugadh isteach Teagasc Monroe, fiú tar éis gabháil an Uachtaráin Nicolás Maduro.

De réir an teagaisce, is gníomh naimhdeach in aghaidh na Stát Aontaithe aon idirghabháil i gcúrsaí polaitiúla aon tíre i Meiriceá, thuaidh nó theas, ag tír eile.

Agus tá rialtais Mheiriceá imithe níos faide ná sin fiú agus idirghabháil déanta acu i dtíortha ar nós Granada agus Panama le 40 bliain anuas.

Tagann an t-ionsaí ar Veiniséala i ndiaidh ionraí gan áireamh ag Meiriceá i dtíortha iasachta a d’fhág na daoine ansin, agus an chuid eile den domhan, níos measa as.

Thug ionsaithe ar an bPeirs/an Iaráin, Vítneam agus an Chóiré i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda fulaingt sna tíortha sin; agus ní féidir a mhaíomh gur fheabhsaigh ionsaithe Mheiriceá saol na ndaoine ansin.

Agus d’fhág gabháil Saddam Hussein san Iaráic i 2003 an tír i gcíor thuathail agus ba chúis le héirí amach Isis, agus na hionsaithe sceimhlitheoireachta a lean é.

Ní dhearna an t-idirghabháil faoi stiúir NATO sa Libia i 2011, a ba chúis le Muammar Gaddafi a threascairt sa deireadh, ach an ceacht a dhaingniú. Thit an stát as a chéile. Lean cogadh cathartha.

Anois tá Trump ag déanamh an rud céanna agus ní bhaineann sé le drugaí, baineann sé le hola, de réír tuairiscí agus caint an tUachtarán féin.

Tá an t-ionsaí beartaithe le míonna. Bhog an t-iompróir aerárthaí (aircraft carrier) USS Gerald R Ford go dtí an Mhuir Chairib i mí Dheireadh Fómhair, aagus roimh an bpríomhionsaí tharla ionsaithe ar bháid smuigleála drugaí agus urghabháil dhá thancaer ola.

Bhí aonad mionlach Delta Force Arm na Stát Aontaithe ag cleachtadh a n-ionsaí ag baint úsáide as foirgneamh a bhí déanta suas chun cuma chomhdhúil Uachtarán Veiniséala Nicolas Maduro i Caracas a chruthú.

Mar sin, cad é an fhíorspreagadh atá taobh thiar d’ionsaí Trump? An é Teagasct Monroe’ é, ceart na Stát Aontaithe cinneadh a dhéanamh faoi cad a tharlaíonn i ngach tír eile i Meiriceá thuaidh agus theas.

Deir Trump freisin gur ceart dá náisiún é fáil réidh le sóisialaigh i dtíortha eile.

Tá sreabhadh cócaoin agus drugaí eile ó Mheiriceá Theas go dtí na Stáit Aontaithe ar siúl le blianta fada. Agus is gnách go mbíonn an ‘cogadh ar dhrugaí’ faoi athrú rialtais nach maith leo. Ní stopann na drugaí ag dul isteach sna Stáit Aontaithe choíche.

Mar shampla, i mí na Samhna, thug Trump maithiúnas d’iar-uachtarán Hondúras, Juan Orlando Hernandez, a bhí trí bliana isteach i bpianbhreith 45 bliain as an gcion céanna a bhfuil Maduro cúisithe ina leith anois: díol drugaí.

Is cosúil go gcreideann an tUachtarán nach mbíonn bagairt mharfach roimh na Stáit Aontaithe ach amháin nuair a thagann rialóirí den eite chlé nach maith leis i gcumhacht i Meiriceá Theas.

Delcy Rodríguez. Pic: Pedro MATTEY / AFP via Getty Images
Delcy Rodríguez. Pic: Pedro MATTEY / AFP via Getty Images

Is cosúil gurb é an fhíorchúis atá taobh thiar de ghníomhartha Trump ná ola.

Maíonn an tUachtarán go bhfuil sé ag tabhairt saibhris agus slándála do Veiniséala trí tháirgeadh ola na tíre a ghlacadh ar láimh.

Mar sin féin, trí é sin a dhéanamh, is féidir leis scaglanna i Louisiana a bhfuil gá acu leis an ola throm speisialta a bhfuil Veiniséala speisialaithe inti a bheathú.

Agus tá sé ag glacadh smacht freisin ar an soláthar atá á fháil ag an tSín.

B’fhéidir gur cumhacht dhomhanda í, ach ní mór don tSín go leor ola a allmhairiú chun a geilleagar a choinneáil ag dul ar aghaidh. Anois, beidh uirthi foinse eile ola shaor a aimsiú.

Caoga bliain ó shin, rinne Veiniséala náisiúnú ar a tionscal ola, lena n-áirítear oibríochtaí chomhlachtaí ola SAM, ar thug Trump ‘goid’ air le déanaí.

Tá Meiriceá i gcoinne Veiniséala mar gheall ar a rialtais shóisialacha agus is í an phríomhsholáthraí ola don Chúba chumannach í.

Is beag duine i Veiniséala a chaithfidh deoir ar son Maduro – is fuath le go leor é mar chalaoiseoir toghcháin – agus ceiliúrfaidh dídeanaithe Veiniséala ón tSile go dtí na Stáit Aontaithe a thitim.

Donald Trump
Donald Trump

Ach ní chiallaíonn a bhaint tapa as cumhacht ag Meiriceá go n-iompóidh Veiniséala ar an daonlathas, nó fiú ar dheachtóireacht neamhurchóideach.

Fanann lucht tacaíochta Maduro ina n-áit, agus tá siad dírithe ar throid chun a gcumhacht a choinneáil.

Tá sé soiléirithe ag Trump nach sleamhnóidh Veiniséala go síochánta isteach i réimeas faoi cheannas an iarrthóra a cailleadh i dtoghchán na bliana seo caite, Edmundo Gonzalez, ná ceannaire an fhreasúra Maria Corina Machado, a bronnadh Duais Síochána Nobel uirthi an fhómhar seo caite.

María Corina Machado. Pic: Ole Berg-Rusten / NTB / AFP via Getty Images
María Corina Machado. Pic: Ole Berg-Rusten / NTB / AFP via Getty Images

Ina áit sin, rialóidh SAM é go sealadach, go dtí go mbeidh siad in ann rialtas a chur i bhfeidhm a oireann dóibh faoi Delcy Rodríguez más féidir, a thacaíonn leis an dollar agus a ligeann do chuideachtaí ola Mheiriceá a gcuid ola a fháil.

In ainneoin chur chuige maol Uachtarán reatha Mheiriceá a chuir isteach ar go leor tráchtairí, tá sé ag leanúint patrún ionsaitheach a bhaineann leas as cuideachtaí saibhre Mheiriceá agus a fhágann daoine sa cheantar níos measa as.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram