

Tá seirbhísí níos fearr agus níos mó oideachais, ag gach leibhéal, i nGaeilge ag teastáil ó fhormhór na ndaoine, de réir suirbhé ó Chonradh na Gaeilge – agus tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag éileamh níos mó gnímh ón Rialtas i measc daoine óga.
Seoladh eagrán 2025 de Céard é an Scéal? le déanaí, sé sin sraith taighde bhliantúil Chonradh na Gaeilge a scrúdaíonn dearcthaí an phobail i leith na Gaeilge.
Tugann sé léargas ar thuiscint na ndaoine ar fud na hÉireann ar an teanga, a todhchaí, agus na beartais a mhúnlaíonn í.

Seo a leanas cuid de na príomhthorthaí ó phobalbhreith na bliana seo, de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge:
Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge
I suirbhé na bliana seo, dúirt duine as cúigear ó dheas go mbainfidís úsáid as seirbhís stáit trí Ghaeilge dá bheidísar an eolas fúithi.
Bhí 23% de dhaoine ó thuaidh den tuairim chéanna.
Is léir go bhfuil easpa muiníne ag daoine ó dheas i seirbhísí stáit trí Ghaeilge, mar nach bhfuil ach 8% de dhaoine i ndiaidh úsáid a bhaint as seirbhís stáit trí Ghaeilge, laghdú ó 19% in 2022.
Ó thuaidh, níor tháinig athrú ar líon na ndaoine a bhain úsáid as seirbhís stáit trí Ghaeilge, 11% in 2025 agus 2022 araon, de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge.
Seirbhísí óige trí Ghaeilge
Aontaíonn tromlach na ndaoine ó dheas, 61%, gur chóir don Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí le seirbhísí óige trí Ghaeilge a fhorbairt. Bhí 15% ina éadan, agus 23% gan tuairim nó éiginnte.
Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine ó thuaidh a thacaíonn le níos mó tacaíochta chun seirbhísí óige Gaeilge a fhorbairt, ó 40% in 2022 go 48% in 2025. In 2025 ó thuaidh bhí 41% ina éadan, agus 11% gan tuairim.
Ó thuaidh, aontaíonn 62% den aoisghrúpa 35-44 gur chóir don Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí le seirbhísí óige trí Ghaeilge a fhorbairt, agus 57% den aoisghrúpa 18-34, de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge..
Ó dheas, tá an tacaíocht is airde i measc an aoisghrúpa is óige, 18-34; aontaíonn 85% de dhaoine gur chóir don Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí le seirbhísí óige trí Ghaeilge a fhorbairt, agus 66% de dhaoine san aoisghrúpa 35-44, ach tá tromlach gach aoisghrúpa ar son tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí óige trí Ghaeilge.
Tithíocht sa Ghaeltacht
Creideann 68% de dhaoine ó dheas gur cheart go mbeadh buanú agus neartú phobail na Gaeltachta i gcroílár aon chórais tithíochta atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht, ardú ó 58% in 2021, de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge.
Tagann ardú suntasach ar an bhfigiúr seo sna haoisghrúpaí is óige; tá 92% de dhaoine san aoisghrúpa 18-34 den tuairim chéanna, agus 71% den aoisghrúpa 35-44. Tá 13% ina gcoinne, agus tá 20% gan fhios nó gan tuairim.
An Córas Oideachais ó dheas
Bhí ceithre cheist ar an gcóras oideachais ó dheas i suirbhé na bliana seo ó Chonradh na Gaeilge..
Creideann 61% de dhaoine ó dheas gur cheart níos mó cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur ar fáil, ardú ó 54% in 2022.
Ar an iomlán in 2025, bhí 15% ina choinne, agus bhí 20% éiginnte nó gan tuairim.
Creideann 82% de dhaoine san aoisghrúpa 18-34 gur cheart níos mó cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur ar fáil, agus 68% den aoisghrúpa 35-44.
Creideann 60% de dhaoine ó dheas gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina croí-ábhar a fhad leis an Ardteist, ardú beag ó 58% in 2022. Tagann ardú suntasach ar an bhfigiúr seo sna haoisghrúpaí is óige; tá 80% de dhaoine san aoisghrúpa 18-34 den tuairim chéanna, agus 70% den aoisghrúpa 35-44.
Ar an iomlán in 2025, de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge, bhí 27% ina choinne seo agus bhí 14% gan fhios nó gan tuairim.
Tá 77% de dhaoine ó dheas den tuairim gur chóir go mbeadh sé de sprioc ag an gcóras oideachais cainteoirí cumasacha Gaeilge a dhéanamh de gach dalta scoile.
Tá an mhian is láidre sna haoisghrúpaí is óige; creideann 91% de dhaoine san aoisghrúpa 18-34 an rud céanna, agus 82% den aoisghrúpa 35- 44. Ar an iomlán in 2025, bhí 12% ina choinne seo agus bhí 14% gan fhios nó gan tuairim.

Creideann 73% de dhaoine ó dheas gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil ag gach leibhéal den chóras oideachais – réamhscoil, bunscoil, iar-bhunscoil agus tríú-leibhéal, ardú ó 63% in 2022. de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge..
San aoisghrúpa 18-34, creideann 92% de dhaoine gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil ag gach leibhéal den chóras oideachais, agus 76% den aoisghrúpa 35-44.
Ar an iomlán in 2025, bhí 12% ina choinne seo agus bhí 12% gan fhios nó gan tuairim. de réir an tsuirbhé ó Chonradh na Gaeilge.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.