Nigella Bites! Ach ní raibh a páistí ag baint plaic as a maisiúcháin inite (edible)

Insíonn Nigella Lawson faoin gcleas ‘cruálach’ a d’imir sí ar a páistí óga ag an Nollaig – agus gníomhartha aisteacha eile na féile

Tá treocht in Éirinn anois ina gcuireann tuismitheoirí agus páistí maisiúcháin inite (edible decorations)  ar an gcrann Nollag – agus is maith leo iad a bhácáil. Is nós coitianta é i go leor tíortha ach ní mhairfeadh na maisiúcháin bhlasta i bhfad ar an gcrann inár dteach nuair a bhíomar inár bpáistí.

Is cosúil go raibh an fhadhb sin ag Nigella Lawson freisin ach deir sí gur ghnách léi a leaganacha féin a dhéanamh – le ‘neart piobair’.

Cinnte, is rud cruálach é sin, a deir sí ach tá ciall leis. Déanann sí é ionas nach mbainfeadh a páistí den chrann iad agus nach n-íosfadh siad iad roimh am Nollag.

Nigella Pictiur Getty Images
Nigella Lawson. Pictiúr: Getty Images

Sa bhun-oideas óna leabhar cócaireachta Nollag ó 2008, deir an cócaire cáiliúil, atá 65 bliain d’aois, go n-úsáideann sí dhá spúnóg de phiobar dubh le haghaidh na maisiúchán. Cé nach bhfuil siad chomh inite agus a d’fhéadfaidís a bheith a thuilleadh.

Scríobh sí ann: ‘Is é an chaoi ar mharcáil mé i gcónaí le mo pháistí go bhfuil an Nollaig tosaithe ná na maisiúcháin inite piobair, sinséireacha seo a dhéanamh.’

Nigella Lawson
Pictiúr: Getty Images

‘Deirim inite, ach nuair a bhí mo pháistí beag, mheasc mé go cruálach neart piobair isteach ionas nach mbainfidís den chrann Nollag iad chun iad go léir a ithe!’ a dúirt sí.

Níl ina nochtadh is déanaí ach ceann amháin de liosta fada d’admhálacha féile aisteacha.

Anuraidh, d’fhógair sí go ndéanfadh sí a crann Nollag a mhaisiú le slisní bagúin seachas le hornáid, agus í ag roinnt íomhá dá crann maisithe le slisní bándearga.

‘Féach ar mo chrann álainn maisithe le bagún!’ a phostáil sí.

Nigella 2

Is máthair í Nigella d’iníon Cosima Thomasina, atá 31 anois, agus mac Bruno Paul, 29, óna céad phósadh leis an iriseoir measúil nach maireann John Diamond, a fuair bás de bharr ailse scornach i 2001.

Trí bliana tar éis a bháis, phós Nigella Lawson bunaitheoir saibhir na gníomhaireachta fógraíochta, Charles Saatchi, i 2003. Ach bhris a bpósadh síos tar éis deich mbliana.

Bhí a páistí le feiceáil i nóiméid tosaigh a sraith theilifíse, Nigella Bites, i 1999, a thug isteach lucht féachana an suíomh suaimhneach baile a bheadh ina trádmharc aici.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram