

Tá seachtar mná paraimhíochaineoir (paramedic) tar éis teacht chun cinn i gcoinne foghlaí gnéis líomhnaithe (alleged sex predator) sa tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr (National Ambuance Service).
Deir siad go raibh sé ag drugáil comhghleacaithe ar feadh beagnach deich mbliana chun iad a mhí‑úsáid go gnéasach.
Tá an fear lárnach i n‑imscrúdú Gardaí faoi líomhaintí ionsaí gnéis in ospidéal, agus faoi instealladh Midazolam – ‘sedative’ cumhachtach a úsáidtear go minic chun cuimhne a chur as oird ionas nach gcuimhneoidh othair ar mhíchompord tar éis obráid.
I mí Dheireadh Fómhair, nochtadh go raibh an fear fós ag obair sa tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr agus ar phá iomlán, cé go bhfuil cosc air idirghníomhú le hothair san ospidéal san oirthear go dtí go gcríochnófar an t‑imscrúdú.

Dúirt na mná gur íospartaigh iad féin nó gur fhaca siad é ag gníomhú go míchuí i leith comhghleacaithe. Áirítear ar na líomhaintí tráchtanna gnéis agus teagmháil mhíchuí cosúil le crúbáil (groping).
I gcás amháin, mhaígh bean gur ghlas sé í i ‘bPortakabin’ agus go ndéarnadh sé ráitis ghnéis; níor scaoil sé amach í go dtí gut scread sí chun cabhair a fháil.
Dúirt sé ina dhiaidh gur ‘magadh a chuaigh thar fóir’ a bhí ann. Rinne ceathrar ban gearán lena mbainisteoirí, ach níor tugadh chun cinn iad.
Dúirt beirt eile nár chreid siad go mbeadh aon mhaitheas i ngearán a dhéanamh mar bhí líomhaintí roimhe seo curtha i gcoinne an fhir agus ‘níor tharla aon rud dó’.
Dúirt paraimhíochaineoir amháin atá ar scor: ‘Is máthair shingil mé le beirt mhac, níor mhaith liom go bhfeicfidís orm ar bhealach difriúil.
‘Tá siad sách aosta anois agus bheadh eagla orm go ndéanfadh siad rud amaideach dá mbeadh a fhios acu cé a rinne ionsaí orm. Tá aithne acu ar an bhfear sa phobal áitiúil – ní strainséir é. Tá sé ina chónaí timpeall deich nóiméad uaim.’
Deir bean eile gur crubáil sé í agus gur chuir sé a lámh suas faoina léine. Dúirt sí: ‘Is féidir leat eisean a Ghoogleáil – tá sé le feiceáil i nuacht áitiúil ag ócáidí carthanachta, ag gáire don cheamara. Ach is péiste é. Ní féidir leat lámh a chur ar bhrollach duine trí thimpiste.’

Tháinig na mná seo chun cinn ceithre mhí tar éis a nochtadh go raibh an fear faoi imscrúdú. Tá foinsí sa tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr tar éis cur síos air mar ‘cionsaitheoir sraitheach’.
Tá sé cúisithe as bean a ionsaí tar éis di a bheith insteallta le Midazolam agus Penthrox, ‘painkiller’ cumhachtach. Deirtear gur tharla an t‑ionsaí tar éis don druga dul i bhfeidhm.
Maidir le cén fáth a raibh cead aige leanúint ar aghaidh ag obair, dúirt urlabhraí ón Seirbhís Náisiúnta Otharchairr: ‘Ní féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) trácht ar chás atá faoi imscrúdú Gardaí.
‘Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte imscrúdú cuí ar gach líomhain den chineál seo agus cloíonn sé le nósanna imeachta foirmiúla araíonachta a thugann próiseas cothrom do gach ball foirne.’
Dúirt Gardaí go bhfuil an t‑imscrúdú ar siúl.
Tagann na nochtuithe seo cúpla seachtain tar éis do Extra.ie suirbhé rúnda inmheánach a nochtadh, a rinneadh i measc paramedics ban san oirdheisceart i mBealtaine seo caite.
Thaispeáin an suirbhé cultúr ciaptha gnéis agus míosóinigh sa tseirbhís. Ghlac 56 bean páirt as thart ar 65, agus léirigh sé go raibh leath acu tar éis ciapadh gnéis a fhulaingt – ó thráchtanna míchuí go teagmháil neamh‑inmhianaithe agus ionsaí gnéis.
Luaigh na mná samplaí:
‘Sea, faoi réir arís agus arís eile, níor chabhraigh bainistíocht, tráchtanna gránna, teagmháil fhisiciúil neamh‑inmhianaithe.’
‘D’inis comhghleacaí fireann dom rudaí a dhéanfadh sé orm. Rinne mé gearán ó shin.’
‘Dúirt sé go raibh mo thóin tomhaiste i gcomparáid le daoine eile agus i gcatagóir níos airde. Táimid rangaithe ar chuma.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.