Tithíocht sa Gaeltacht: Plean eile agus gealltanas eile!

13/11/2025

Geallann an Rialtas plean tithíochta sa Ghaeltacht ach an bhfuil an cur chuige mall, teoranta agus gan a dhóthain uaillmhian?

Tá an Rialtas tar éis a phlean tithíochta is déanaí a sheoladh agus tá gealltanas tugtha aige go dtógfar 300,000 teach nua ar a laghad faoi 2030.

Agus den chéad uair i bplean tithíochta Rialtais, tá airí tar éis a admháil go bhfuil gá le plean cuí chun ligean do chainteoirí Gaeilge teaghlaigh a thógáil sa Ghaeltacht le Gaeilge.

Dara Calleary
Dara Calleary

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil sé ag scrúdú cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh cinneadh á dhéanamh aige roimh dheireadh na bliana.

Freisin, tá sé luaite sa phlean go bhfuil féidearthacht ann go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag obair le hUisce Éireann chun dul chun cinn a dhéanamh.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte le sin ach creideann an eagraíocht go bhfuil go leor in easnamh sa phlean le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta.

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an phlean agus dúirt an eagraíocht go mbeidh deis acu na moltaí atá ann a phlé le Roinn na Gaeltachta.

Dúirt siad freisin go bhfuil aitheantas ann do chás eisceachtúil na Gaeltachta agus tábhacht na tithíochta don Ghaeilge agus d’obair Údarás na Gaeltachta.

Feiceann Údarás na Gaeltachta na moltaí mar rudaí dearfacha agus deir an eagraíocht go bhfuil comhairleoir tithíocht in áit acu cheana féin agus go bhfuil siad ag obair ar ghnéithe áirithe chun dul chun cinn a dhéanamh. Is iad:

  • Athbhreithniú ar a phortfólio talún de 1,000 heicteár chun suíomhanna oiriúnacha a aithint le haghaidh tithíocht sa Ghaeltacht;
  • Comhordú le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu;
  • Maoiniú post mar Chomhordaitheoir Tithe Folmha i gComhairle Contae Mhaigh Eo;
  • Tacaíocht d’fhorbairt tithíochta faoi stiúir an phobail trí na hEagrais Forbartha Pobail.

Mar sin féin, tá Conradh na Gaeilge tar éis a rá go bhfuil ceithre phrionsabal bhunúsacha leagtha amach ag Tinteán, a bhfuil tacaíocht tugtha dóibh ag eagraíochtaí Gaeilge agus atá riachtanach chun polasaí tithíochta ceart a bheith ann. Is iad sin:

  • Go bhfoilseofar agus go gcinnteofar treoirlínte pleanála láidir don Ghaeltacht;
  • Go reáchtálfar scéim deontas tithíochta Ghaeltachta arís don phobal Gaeltachta;
  • Go gcuirfear an maoiniú breise cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú a éascóidh, i measc cúraimí eile, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta;
  • Go dtabharfar an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: ‘Don chéad uair riamh, feicimid an Stát ag admháil go foirmiúil gur bunriachtanas é rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach chun go mbeidh an Ghaeltacht inbhuanaithe.

‘Is céim shuntasach í sin.

‘Mar sin féin, ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach. Muna féidir le teaghlaigh tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin, ní bheidh ann don Ghaeltacht.’

Ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach
Ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: ‘Is maith an rud é go bhfuil an Rialtas i ndiaidh na Gaeltachta a chur san áireamh ina phlean, ach is cúis díomá é an laghad bearta praiticiúla atá ann agus an easpa práinne.

‘Cé go bhfuil sé luaite go bhfoilseofar “Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht”, mar shampla, tuigtear dúinn gurbh ionann an ráiteas sin agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta atá geallta ó 2021 agus luaitear sa phlean go mbeidh moill bhreise leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála seo a fhoilsiú go dtí an chéad leath de 2027.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram