Féach ar na pictiúir! Uachtarán Connolly: ‘Tá mandáid agus fís againn do Phoblacht nua’

11/11/2025

Agus í mar Uachtarán anois, labhair Catherine Connolly faoina humhlaíocht agus a bród agus faoin tábhacht a bhaineann le Poblacht a bheith againn atá fiúntach don ainm ina bhfuil luach ar gach duine

Ina hóráid insealbhaithe mar Uachtarán, lean Catherine Connolly an prótacal agus labhair sí ar dtús leis na daoine mór le rá ó bhaile agus ó thar lear.

Ár nUachtarán nua Catherine Connolly
Ár nUachtarán nua Catherine Connolly

Mar sin féin, ba chuig gnáthmhuintir na hÉireann a sheol sí teachtaireacht shoiléir buíochais agus tacaíochta.

Dúirt an tUachtarán Connolly freisin: ‘Ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bhéas an Ghaeilge san Áras ach sa chéad áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre.’

Ag caint i nGaeilge, dúirt sí: ‘Is sibhse, muintir na tíre, cosmhuintir na tíre, a casadh orm agus mé ar fud na tíre a spreag mé, agus a spreag m’fhoireann le linn an fheachtais.

Screenshot 2025 11 11 132445 2

‘Sibhse a chuaigh agus a théann i ngleic le heaspaí seirbhísí agus riachtanais gach lá beo, easpaí nár cheart a bheith fós ann i dtír atá chomh saibhir.’

Agus dóibh siúd a mhaígh nár cheart don Uachtarán teachtaireachtaí polaitiúla a sheoladh, chuir Dúirt an tUachtarán Connolly a mandáidi gcuimhne dóibh.

Screenshot 2025 11 11 143230 1

I mBéarla dúirt sí: ‘Seasaim os bhur gcomhair go humhal agus go bródúil mar an 10ú Uachtarán ar an tír álainn seo.

Labhair an pobal agus thug siad mandáidcumhachtach dá nUachtarán a bhfís do Phoblacht nua a chur in iúl.

‘Poblacht atá fiúntach dá hainm ina bhfuil luach ar gach duine agus ina bhfuil meas ar éagsúlacht, ina gcuirtear réitigh inbhuanaithe i bhfeidhm go práinneach agus ina bhfuil áit chónaithe ina cheart bunúsach daonna.’

Tháinig an t-iar-uachtarán Mary McAleese lena fear céile Martin. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire
Tháinig an t-iar-uachtarán Mary McAleese lena fear céile Martin. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire

Agus i nGaeilge dúirt Dúirt an tUachtarán Connolly: ‘Spreag sibh mé le bhur ndúthracht agus bhur bhfláithiúlacht, ag roinnt bhur scéalta agus taithí liom go fial.

‘Is sibhse a thug agus a thugann misneach dom, misneach a bhainfidh mé úsáid as anois agus a thógfaidh mé air agus mé ag obair ar bhur son mar Uachtarán.’

Iar-Uachtarán Michael D Ó hUigínn lena bhean chéile Sabina. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire
Iar-Uachtarán Michael D Ó hUigínn lena bhean chéile Sabina. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire

Thug sí tagairt ar leith don Ghaeilge ina hóráid. Dúirt sí: ‘Ar ndóigh, tá tábhacht na teanga chun anam agus spioraid na tíre a thabhairt chun cinn tuigthe agam le blianta fada anois; anam agus spioraid a bhí curtha faoi chois le blianta, bíodh sin d’aon ghnó, de bharr smacht na dtíoránach nó de bharr neamhaird, neamhchúram nó easpa tuisceanaí.

‘Tír gan teanga, tír gan anam, agus is fíor sin, mar nuair atá a teanga múchta, ní féidir leis an tír, nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spioraid a chur in iúl,’ a dúirt an tUachtarán Connolly.

Iar-Uachtarán Micheál D Ó hUigínn agu iar-taoiseach Bertie Ahern
Iar-Uachtarán Micheál D Ó hUigínn agu iar-taoiseach Bertie Ahern

‘Cuireadh ár dteanga, teanga ársa ár sinsir, teanga ina bhfuil spioraid ár sinsir agus nádúr ár dtíre le mothú i gchuile fhocal, sa dara háit, gan meas ná ómós tugtha di.

‘Plúchadh croí ár muintir nuair a cuireadh stop leo úsáid a bhaint as a dteanga féin, teanga a chuireann mothúcháin agus croí in iúl le chuile fhocal.

‘Ach scaoilimis le chéile anois leis an bhfaitíos sin. Ligfimis don Ghaeilge bláthú. Éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uathu ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin agus in ómós dóibh agus dúinne.’

An Taoiseach Micheál Martin lena bhean chéile Mary O’Shea. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire
An Taoiseach Micheál Martin lena bhean chéile Mary O’Shea. Pictiúr: Brian Lawless/PA Wire

Dúirt an tUachtarán Connolly: ‘Gaeilgeoirí, Gael, agus lucht foghlama na Gaeilge, ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bhéas an Ghaeilge san Áras ach sa chéad áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata, go ceolmhar, faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre, agus dár ndóigh, déanfar í a labhairt go húdarásach agus gan aon drogall nuair is gá.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram