

Tá lámhleabhar treoracha nua seolta ag Soilse na hÉireann agus ag Údarás na Gaeltachta chun pobail Ghaeltachta a chumhachtú chun tithe solais a iompú ina gceann scríbe inbhuanaithe turasóireachta.
Tugann ‘Ó Fhís go Feidhmiú: Treoir phraiticiúil maidir le forbairt tithe solais faoi stiúir an phobail’ treoir chéim ar chéim ar an gcaoi ar féidir le pobail áitiúla láithreáin stairiúla tithe solais a fhorbairt mar eispéiris chuairteoirí, mar chóiríocht agus mar mhoil phobail.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: ‘Osclaíonn ár gcomhoibriú le Tithe Solais Móra na hÉireann deiseanna iontacha don turasóireacht inbhuanaithe i bpobail chósta Ghaeltachta.’

Tá feachtas nua ag Iarnród Éireann, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn, Fáinne ar Bord. Ón Máirt, 14 Deireadh Fómhair, beidh an Fáinne á chaitheamh ag baill foirne rannpháirteacha chun a gcumas Gaeilge a chur in iúl agus chun paisinéirí a spreagadh Gaeilge a úsáid mar chuid dá n-eispéireas taistil.
Mar chuid de Sheachtain na Matamaitice beidh Lá matamaitice trí Ghaeilge ar bun ar an Domhnach, 12 Deireadh Fómhair in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé i gceist go mbeidh cainteanna gairide ar ábhar matamaitice ann, ach oiriúnach do dhaoine nach speisialtóirí iad. Déanfaidh cuid de na cainteanna nasc idir an Ghaeilge agus an mhatamaitic.

Tá Comórtas Ábhar Cruthaitheach AI as Gaeilge eagraithe ag Údarás na Gaeltachta Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas tacaíocht a thabhairt do chruthaitheoirí chun teicneolaíocht AI a iniúchadh agus níos mó ábhair i nGaeilge a chruthú. Tá fáilte roimh iontrálacha ag An Togra Scéalaí – Project Scéalaí – FilmFreeway, áit a bhfuil sonraí an chomórtais agus treoirlínte iontrálacha ar fáil.

Bhuaigh an comhlacht Folláin Gradam Rogha na Gaeltachta ag Blas na hÉireann, Gradaim Bhia na hÉireann 2025, a fógraíodh i Daingean Uí Chúis. Tugann Gradam Rogha na Gaeltachta aitheantas do tháirgeoirí bia den scoth atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta a iompraíonn spiorad na Gaeilge, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr ina gcuid táirgí.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta go bhfuil an scéim Glasoiliúint oscailte anois le haghaidh iarratas ón 1 Deireadh Fómhair, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025. Is scéim thacaíochta oiliúna é Glasoiliúint dírithe ar cheardaithe agus daoine proifisiúnta sa Ghaeltacht atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsaí breisoiliúna in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Beidh deontas suas le €2,000 ar fáil ag ráta 75% i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil (más gá).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.