

Tá roinnt polaiteoirí Meiriceánacha fós ag iarraidh cur isteach ar reachtaíocht na hÉireann chun stop a chur le trádáil le gabhálaithe tailte Palaistíneacha, a bhfuil tacaíocht Iosrael acu.
Tá 22 ball de Chomhdháil i Meiriceá tar éis scríobh chuig an Taoiseach Micheál Martin ag iarraidh air an toirmeasc (ban) ar thrádáil leis na gabhálaithe Iosraelacha a tharraingt siar.

Faoin reachtaíocht atá molta, cuirfear cosc ar thrádáil le na gabhálaithe mídhleathacha ach tá brú ag teacht ó thar lear ina gcoinne.
Tháinig an moladh seo i ndiaidh cinneadh tosaigh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICJ), a dúirt go gcaithfidh tíortha céimeanna a ghlacadh chun stop a chur le trádáil nó infheistíocht a choinníonn na gabhálaithe mídhleathacha sin sa Phalaistín.
Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí na tíre seo ar an Rialtas as bheith ag bogadh rómhall leis na hathruithe, cé gur aontaíodh iad sa Dáil i 2018 – seacht mbliana ó shin.
Ag an am céánna tá polaiteoirí Meiriceánacha ag déanamh brú ar son Iosrael, atá cúisithe as cinedhíothú i nGaza agus as gorta a chur ar mhuintir na háite.

Thairis sin, maraíodh breis is 66,000 duine in ionsaithe le diúracáin agus fórsaí armtha ar thithe teaghlaigh, ospidéil agus áiteanna tearmainn.
Dúirt an litir ó na polaiteoirí Meiriceánacha go raibh Micheál Martin ag spreagadh frith-Sheimíteachas agus frith-Siónachas in Éirinn, mar gheall ar a cháineadh ar ionsaithe Iosrael i nGaza.
Cé go bhfuil an tionchar ar thrádáil réasúnta beag – mar nach dtagann mórán earraí ón réigiún – tá tacaíocht láidir don toirmeasc in Éirinn.
Mhol Coiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais i mí Iúil go leathnófaí an toirmeasc chun seirbhísí a chur san áireamh sa reachtaíocht.
Tá roinnt de na polaiteoirí Meiriceánacha a scríobh an litir ag tacú le AIPAC – grúpa Meiriceánach a thugann tacaíocht láidir do pholaiteoirí atá ar son Iosrael agus a chuireann maoiniú polaitiúil ar fáil dóibh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.