

Le cíos ag dul in airde, tá sé ag éirí níos deacra do dhaoine áit chónaithe a aimsiú. D’fhéadfadh an rogha mhalartach seo, The Home Share, a bheith oiriúnach do roinnt daoine.
De réir tuarascála ráithiúil Daft.ie, d’ardaigh cíosanna ar fud na tíre 3.4% in aghaidh na míosa sa chéad ráithe den bhliain.
Tá sé ag éirí níos deacra do dhaoine aonair cíos a íoc gach mí, agus cé go bhfuil roinnt roghanna ar fáil seachas teach a roinnt, tá dúshláin ag baint leis sin freisin.

Tá bealach ann chun níos lú a íoc, ach teastaíonn athrú meoin: ‘Home Share’ ina gcaithfidh tú 10 n-uaire an chloig sa tseachtain a thabhairt don úinéir tí.
Bhog Rayra, bean óg ón mBrasaíl, go Baile Átha Cliath ag aois 21. Bhí sí ag obair sa lónadóireacht agus ag roinnt tí le cúigear nó seisear eile.
‘Bhí mo leaba féin agam ach gan aon spás pearsanta,’ a deir sí. ‘Bhí sé plódaithe, daoine ag tabhairt cairde isteach, agus bhí sé deacair mothú sábháilte.’
Bhí an cíos €800 sa mhí. Ansin chuala sí faoi Home Share, clár a nascann daoine óga le daoine scothaosta atá ag lorg comhlachta agus cabhrach éadrom.
Íocann an duine €195 móide CBL (VAT) leis an ngníomhaireacht, Home Share, agus tugann sé/sí 10 n-uaire an chloig de ‘thacaíocht phraiticiúil’ don úinéir tí — mar shampla, glanadh éadrom agus comrádaíocht (companionship).
Íocann sé freisin €65 sa mhí do na soláthairtí, díreach leis an úinéir. San iomlán, is timpeall €260 sa mhí é (gan CBL san áireamh) atá i gceist le Home Share.
Deir Lucie Cunningham, POF na gníomhaíochta, go n-íocann an táille as monatóireacht leanúnach agus tacaíocht.
Déantar seiceáil cúlra ar gach duine, agus tá tréimhse thrialach ann chun a chinntiú go n-oireann an socrú do gach páirtí.
Bhí taithí mheasctha ag Rayra. Bhí an chéad úinéir tí aici ag fulaingt ó néaltrú, agus bhí cúramóirí ag teacht trí huaire sa lá.
Bhí an dara teaghlach ag súil go mbeadh sí ina cúramóir seachas comrádaíocht a thabhairt, mar sin d’aistrigh sí tar éis sé mhí.

Molann sí do dhaoine eile a bheith solúbtha agus oscailte:
‘Caithfidh tú dul in oiriúint don teach agus don duine. Ní féidir leat cuairteoirí a thabhairt isteach,’ a dúirt sí.
Anois tá buachaill aici agus caitheann sí oíche amháin sa tseachtain ina theach.
Tá Sé oiriúnach do dhaoine níos sine freisin. Bhí Martin, ceoltóir sna seascaidí, ag cíos i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath nuair a d’fhill an tiarna talún.
Bhuail sé le Lucie ag comhdháil, agus cuireadh i dteagmháil é le Pat, fear 90 bliain d’aois ó Albain.
Bhí an bheirt ar aon intinn — ceoltóirí, taistealaithe, agus le cúlra tuaithe. Imríonn siad ceol le chéile sa teach tábhairne áitiúil agus cluiche Matador, cluiche cosúil le dúradáin (dominoes), san oíche.
Deir Martin go gcaithfidh tú 10 n-uaire an chloig a chur ar leataobh don úinéir tí. Tá tréimhse thrialach coicíse ann.
Tá Pat ag roinnt an tí le Martin agus Mary, bean ó Uganda. ‘Coinníonn sé rudaí éadrom agus cothrom,’ a deir Pat.

Tá Pat sásta leis an socrú: ‘Ag m’aois, bíonn formhór na ndaoine i dteach altranais. Tá sé go deas a bheith i mo theach féin fós.’
Má cheapann tú go bhféadfadh sé a bheith oiriúnach duit, féach ar thehomeshare.ie.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.