

Ghabh fórsaí Iosraelacha trí shaoránach Éireannach ar a laghad nuair a stop siad an Flotilla Sumud ó chabhair a thabhairt go Gaza, de réir tuairiscí.
Chuaigh 20 long míleata Iosraelach i gcoinne an Sumud agus chuaigh na saighdiúirí ar bord na long cúnaimh, 75 míle amach ó chósta Gaza.
Bhí siad ag iarraidh an bac mídhleathach a bhriseadh agus cúnamh daonnúil a thabhairt do na Phalaistinigh.
Bhí níos mó ná 40 bád sibhialta sa flotilla, ina raibh thart ar 500 oibrí deonach, lena n-áirítear parlaiminteoirí, dlíodóirí agus gníomhaithe.

I measc na ndaoine sin tá an Seanadóir Chris Andrews agus Tadhg Hickey as Éirinn mar aon le Greta Thunberg agus an t-aisteoir Susan Sarandon.
Dúirt eagraithe Flotilla Domhanda Sumud ó 8.30pm, am Gaza, Dé Céadaoin, go ‘bordáladh go leor soitheach den flotilla go mídhleathach ag Fórsaí Gabhála Iosraelacha in uiscí idirnáisiúnta’.
Níos luaithe, ar Dé Céadaoin bhog an Sumud isteach i ‘zóin ardriosca’, 280km ó Gaza, áit ar ionsaigh nó ar stop fórsaí Iosrael flotilla roimhe seo.
Agus dúirt na hoibrithe deonacha go raibh gníomhaíocht dróin ag méadú de réir mar a tháinig sé níos gaire do thír dhúchais na Palaistíne.
D’éiligh Tuairisceoir Speisialta na Náisiún Aontaithe, Francesca Albanese, agus Uachtarán na Colóime, Gustavo Petro, go bhfágfaí an flotilla ag dul ar aghaidh gan dochar.
Dúirt Iosrael go stopfadh sé iad, ag maíomh go bhfuil na hoibrithe deonacha ag iarraidh ‘bac cabhlaigh dleathach a bhriseadh’, ach tá an dlí idirnáisiúnta soiléir maidir le cabhair dhaonnúil a cheadú isteach.
Tá neamhaird á léiriú ag Iosrael i gcónaí ar an dlí idirnáisiúnta gan aon smachtbhanna ó chomhlachtaí idirnáisiúnta ná ó thíortha eile.
Tá sé mar aidhm ag an Sumud, ina bhfuil níos mó ná 40 bád sibhialta le breis is 500 duine lena n-áirítear parlaiminteoirí, dlíodóirí agus feachtasóir aeráide na Sualainne Greta Thunberg, bac Iosrael a bhriseadh.
I bpost níos déanaí ar Telegram, dúirt an Sumud gur chuaigh soithí anaithnid (unidentified vessels) i dteagmháil le roinnt dá mbáid, cuid acu ag loingseoireacht gan soilse.
Dúirt sé gur imigh na soithí, agus gur chuir rannpháirtithe prótacail slándála i bhfeidhm ag súil le hidircheapadh féideartha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.