

Tá Jim Gavin, iarrthóir Uachtaránachta Fhianna Fáil, faoi bhrú de bharr ráitis a rinne sé faoi Gaza.
Ag labhairt dó faoin ionsaí Iosraelach ar Gaza, dúirt Gavin: ‘Tá sé dochreidte go bhfuil an bhuamáil fós ar siúl nuair a chreidim go bhfuil na cuspóirí míleata bainte amach don fheachtas míleata sin.’

Dúirt Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin gur cur síos náireach a bhí ann ar an marú brúidiúil atá ag tarlú do na mílte fear, bean agus páiste.
‘Is cinedhíothú atá ann, a Jim,’ a dúirt sé, agus d’iarr sé ar Gavin na ráitis a tharraingt siar láithreach.
Dúirt urlabhraí Fhianna Fáil, áfach, gur feachtas diúltach atá á thosú ag Sinn Féin toisc go dtuigeann siad gur iarrthóir láidir é Gavin.

‘Bhí Jim Gavin ina oifigeach sinsearach i gceann de na misin chosanta sibhialta ba mhó san 21ú haois.
‘Is é an chéad imoibriú atá aige i gcónaí ná díriú ar shábháil beatha, agus sin a bhí i gceist lena ráiteas gairid,’ a dúirt an t-urlabhraí.
‘Is sampla é ráiteas an Teachta Ó Dochartaigh den chineál polaitíochta a chuireann go leor daoine i dtreo ciniceas.
‘Tá Jim Gavin soiléir ina cháineadh ar ghníomhartha géin mharaithe (genocidal actions) rialtas Iosrael.
‘Tá súil againn nach mbeidh ar an bhfeachtas seo dul trí chlaonadh bréagach agus léiriú claonta ciniciúil den sórt seo.’
Tá breis is 64,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael i nGaza, formhór acu ina sibhialtaigh. Tá an limistéar scriosta go hiomlán, agus tá cosc curtha ar bhia agus cabhair dul isteach.
I mí Lúnasa, d’fhógair na Náisiúin Aontaithe go raibh gorta i gcuid de Gaza, ag rabhadh go bhfuil 500,000 duine i gcoinníollacha ‘tubaisteacha’.
Mar sin féin, in ainneoin cáineadh, is beag atá déanta ag an bpobal idirnáisiúnta chun stop a chur le marú daoine neamhchiontacha ag fórsaí Iosrael.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.