Ba shibhialtaigh iad 5 as gach 6 dhuine a mharaigh fórsaí Iosrael i nGaza

Léiríonn figiúirí a bhailigh fórsaí míleata Iosrael gur ghnáth sibhialtaigh iad  83% de na daoine a mharaigh siad

Ba shibhialtaigh iad cúigear as gach seisear Palaistíneach a mharaigh fórsaí Iosrael i nGaza, de réir tuairisce sa Guardian, bunaithe ar fhigiúirí a bhailigh na fórsaí míleata sin.

Léiríonn na figiúirí ráta ollmhór maraithe de réir aon chaighdeáin, ach ní áirítear leis na baill teaghlaigh a fuair bás den ocras, den tart agus den bhreoiteacht.

Gaza i ndiaidh ionsaithe Iosraelacha
Gaza i ndiaidh ionsaithe Iosraelacha

Ní áirítear leis na daoine a bhfuil a gcorp fós caillte i smionagar ach an oiread.

Ó mhí na Bealtaine, 19 mí isteach sa chogadh, liostáil oifigigh fhaisnéise Iosraelacha 8,900 trodaí ainmnithe ó Hamas agus Jihad Ioslamach na Palaistíne mar marbh nó ‘is dócha marbh’, de réir imscrúdaithe an Guardian, an fhoilseacháin Iosraelach-Palaistíneach +972 Magazine agus an mheáin Eabhraise (Hebrew) Local Call.

Ag an am sin, bhí 53,000 Palaistíneach maraithe ag na hionsaithe, de réir údaráis sláinte i nGaza, líon a chuimsigh trodaithe agus sibhialtaigh.

Ní raibh ach 17% den iomlán de na trodaithe ainmnithe i mbunachar sonraí faisnéise míleata Iosraelacha, rud a léiríonn gur sibhialtaigh iad 83% de na mairbh.

Chomh maith leis sin tháinig gealltanais ó cheannairí Iosraelacha chun stát na Palaistíne a scrios níos gaire le pleananna nua d’ionsaithe ar dhaoine neamhchiontacha i gcathair Gaza agus sa Bhruach Thiar.

Cháin ceannairí polaitiúla san Iarthar, a thacaíonn le hIosrael trí airm agus trádáil, na gluaiseachtaí ach ní dhearna siad aon rud chun na hionsaithe a stopadh.

Tá an dóchas maidir le stát Palaistíneach ‘á scriosadh den tábla,’ a dúirt Bezalel Smotrich, aire airgeadais Iosrael, tar éis don rialtas 3,400 lonnaíocht nua a cheadú sa Bhruach Thiar atá faoi fhorghabháil.

Idir an dá linn, tá a gcuid trúpaí tar éis imeall Chathair Gaza a bhaint amach le pleananna chun í a ghlacadh.

Cuireann an dá fhorbairt amhras breise ar na seansanna go mbeidh sos cogaidh ann nó go gcruthófar stát Palaistíneach.

Dúirt oifigigh mhíleata Iosraelacha go raibh pubaill á mbogadh isteach i ndeisceart Gaza do na teaghlaigh a mbeadh orthu cathair Gaza a fhágáil.

Faoin bplean, cuirfidh trúpaí timpeall na cathrach agus cuirfidh siad iallach ar an daonra bogadh ó dheas trí phointí seiceála.

Ansin, bogfaidh an IDF isteach i gcathair Gaza le fórsa i gcoinne na bPalaistíneach atá fós ina dtithe.

Tá tús curtha ag an IDF leis an gcéad chéim eile den chogadh, a dúirt príomh-urlabhraí míleata Iosrael.

Idir an dá linn, sa Bhruach Thiar, tá an tionscadal forghabhála is déanaí, ar a dtugtar East One, ar siúl i gcroílár an Bhruach Thiar.

Deir grúpaí cearta daonna agus tíortha Eorpacha go roinnfeadh sé seo an Bruach Thiar ina dhá leath, rud a fhágfadh go mbeadh deacair aon stát Palaistíneach a bheith ann amach anseo.

D’iarr Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, ar shos cogaidh láithreach ‘chun an bás agus an scrios’ a sheachaint.

Mar sin féin, ní dócha go n-éistfidh rialtas Iosrael leis, nach bhfuil faoi bhrú ón bpobal idirnáisiúnta a gcuid ionsaithe a stopadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram