Aslonnú (evacuation) i Meiriceá, sa tSeapáin agus sa Rúis tar éis rabhaidh tsunami

30/07/2025

Tá eagla roimh tsunami agus tonnta suas le 4 mhéadar ar fud an Aigéin Chiúin (Pacific Ocean) ó Mheiriceá go dtí an Nua-Shéalainn, tar éis crith talún láidir sa Rúis

Tá aslonnú (evacuation) ordaithe i gceantair den tSeapáin, Haváí (Hawaii) agus ar chósta thiar na Stát Aontaithe tar éis chrith talún, de mhéid 8.8, amach ó Leithinis Kamchatka in oirthear na Rúise.

Agus tháinig rabhaidh tsunami ar fud an Aigéin Chiúin.

Sa tSeapáin, thug an Príomh-Aire Shigeru Ishiba rabhadh do na meáin faoi na contúirtí
Sa tSeapáin, thug an Príomh-Aire Shigeru Ishiba rabhadh do na meáin faoi na contúirtí

I Meiriceá, chuala daoine siriní tsunami i Honolulu agus cuireadh iachall orthu dul ar ardchríocha.

D’eisigh Lárionad Rabhaidh Tsunami na Stát Aontaithe rabhaidh do chuid d’Oileán Aleutian Alasca agus d’oileáin chóstaí California, Oregon agus Washington.

D’fhoilsigh Uachtarán Donald Trump teachtaireacht ag impí ar dhaoine ‘fanacht láidir agus sábháilte.’

Thug gníomhaireacht cosanta sibhialta na Nua-Shéalainne foláireamh náisiúnta faoi ‘shruthanna láidre agus neamhghnácha,’ cé nach raibh gá le haslonnú go fóill.

I Meicsiceo, cuireadh seirbhísí éigeandála ar an airdeall ar chósta an Aigéin Chiúin, agus thug an chabhlach foláireamh faoi shruthanna láidre ó Baja California go Chiapas.

De réir Acadamh Eolaíochtaí na Rúise, ba é seo an crith talún ba láidre sa réigiún ó 1952.

Bhí sé suite 126km soir-theas ó Petropavlovsk-Kamchatsky agus ag doimhneacht 19.3km.

Dúirt gobharnóir Kamchatka gur eachtra ‘dáiríre agus an ceann ba láidre le blianta fada’ a bhí ann, agus luaigh sé damáiste do naíonra áitiúil.

Tuairiscíodh tonnta tsunami 3 go 4 mhéadar ar chósta Kamchatka.

I Severo-Kurilsk, príomhbhaile Oileáin Kuril, bhí cuid den bhaile faoi uisce agus cuireadh daoine ar ardchríocha (higher ground).

Tuairiscíodh gortuithe sa réigiún agus tá eagla ar iarchreathanna (aftershocks) láidre.

Sa tSeapáin, thug an Príomh-Aire Shigeru Ishiba rabhadh do na meáin faoi na contúirtí

Thug Gníomhaireacht Meitéareolaíochta na Seapáine foláireamh aslonnaithe i Hokkaido, áit ar shroich tonnta 30cm an cósta thoir.

Cuireadh oibrithe ó ghléasra núicléach Fukushima ar shiúl mar réamhchúram, ach dúirt an comhlacht Tepco nach raibh aon neamhrialtacht (abnormalities) aimsithe go fóill.

Bhí rabhaidh tsunami ar fud an Aigéin Chiúin
Bhí rabhaidh tsunami ar fud an Aigéin Chiúin

Dúirt Lárionad Rabhaidh tsunami an Aigéin Chiúin go bhféadfadh tonnta 1 go 3 mhéadar os cionn leibhéal taoide teacht isteach ar chóstaí Haváí, an tSile, an tSeapáin, Oileáin Solomon, an Rúis agus Eacuadór.

Eisíodh rabhaidh freisin sa tSín, sna hOileáin Fhilipíneacha, san Indinéis, i Guam, i bPeiriú agus sna hOileáin Galápagos.

Leanann údaráis ar fud an Aigéin Chiúin orthu ag faire go géar ar an scéal, agus an baol fós ann ó thonnta breise, tsunami  agus iarchreathanna.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram