Tá dochtúirí ag tabhairt rabhaidh do dhaoine faoi cosmaidí bréige

Formhór na gcosmaidí bréige arna ndíol ag trádálaithe tríú páirtí ar líne bréige; agus d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh don tsláinte

De réir staidéir nua, tá formhór na dtáirgí cosmaideacha a cheannaítear ó dhíoltóirí tríú páirtí ar láithreáin cosúil le Amazon, eBay, TikTok agus Vinted bréige — agus d’fhéadfaidís a bheith contúirteach don tsláinte.

Dúirt taighdeoirí go bhfuil na torthaí seo scanrúil agus thugadar rabhadh do dhaoine atá meallta ag lascainí ar earraí bréige ó bhrandaí cáiliúla.

Is dócha go raibh 23 de na 34 táirge (67%) bréige
Is dócha go raibh 23 de na 34 táirge (67%) bréige

Tá baol ann go bhfuil comhábhair thocsaineacha sna táirgí sin a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don chraiceann nó don tsláinte ghinearálta.

Ceannaíodh 34 táirge smididh agus cúraim craicinn ó dhíoltóirí a bhí tar éis na mílte táirge dá shórt a dhíol cheana.

Áiríodh ina measc táirgí a dúradh a bheith ó ocht mbranda cháiliúla, mar Charlotte Tilbury, La Roche-Posay, Maybelline, MAC agus The Ordinary.

Ach de réir eagraíocht tomhaltóirí sa RA darb ainm Which?, is dócha go raibh 23 de na 34 táirge (67%) bréige.

Rinne na taighdeoirí comparáid idir na pacáistí agus na táirgí féin leis na cinn fhíorúla.

Fuarthas amach gur bréige a bhí i gceithre cinn as 11 a ceannaíodh ar Amazon, ocht gcinn as 11 ar eBay, cúig cinn as sé ar TikTok Shop, agus gach ceann de na sé tháirge a ceannaíodh ar Vinted.

Dúirt dochtúirí go bhféadfadh na hiarmhairtí a bheith tromchúiseach.

Léirigh staidéar roimhe seo go mbíonn faecas agus fual ainmhithe in úsáid sna táirgí bréige seo, chomh maith le nimheanna mar arsanaic, luaidhe agus mearcair.

Dúirt an Dr Aamna Adel, saineolaí craicinn, nach mbíonn aon mhaoirsiú ceart ar tháirgeadh na dtáirgí bréige seo, rud a chiallaíonn go bhféadfadh foirmlithe míchearta a bheith iontu fiú má tá comhábhair fíor ann.

D’fhéadfadh sin greannú craicinn, fabhtaithe nó fiú dónna ceimiceacha a chruthú, a dúirt sí.

De ghnáth, déantar cosmaidí fíor faoi choinníollacha slána agus faoina gcigireacht le cinntiú go bhfuil siad sábháilte le húsáid.

Luaigh Which? gur minic go mbíonn sé an-deacair na táirgí bréige a aithint — ní thagann an difríocht chun solais ach nuair a chuirtear iad taobh le táirgí fíorúla.

Deir siad gurb é an bealach is sábháilte le cosmaidí a cheannach ná iad a fháil go díreach ó shuíomh gréasáin an bhranda féin, nó ó mhiondíoltóirí ceadaithe.

Dúirt Rocio Concha ó Which?: ‘Tá baol ann go gceannóidh tomhaltóirí táirgí gan tástáil, gan rialú agus atá dainséarach don tsláinte.’

Dúirt sí gur gá dualgais shoiléire a bheith ar na hardáin díola ar líne chun stop a chur le díol na n-earraí bréige.

Dúirt na cuideachtaí ar fad go thoirmisctear táirgí bréige ar a n-ardáin, agus go ndéanann siad gníomh chun an díol sin a chosc.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram