

Tá Aire Cosanta Iosrael, Israel Katz, tar éis plean conspóideach a nochtadh chun daonra iomlán Gaza a lonnú i gcampa amháin ar fhothracha Rafah, de réir tuairisc sa Guardian.
Deirtear go mbeidh an campa faoi smacht míleata Iosraelach agus go mbeidh scagadh slándála ar na Palaistínigh sula gcuirfear faoi ghlas iad.
Ar dtús, aistreofar 600,000 duine atá díláithrithe cheana féin, go príomha ón gceantar al-Mawasi.

De réir Katz, is é an sprioc ná gach duine i nGaza a chur sa champa agus plean imirce a chur i bhfeidhm.
Tá cáineadh géar tagtha ó saineolaithe. Dúirt Michael Sfard, abhcóide cearta daonna, gur aistriú éigeantach daonra atá i gceist.
‘Is plean oibríochtúil é seo do choir in aghaidh na daonnachta,’ a dúirt sé. ‘Ní féidir aon imeacht faoi bhrú a mheas mar dheonach.’
Tháinig an fógra roimh chuairt an Phríomh-Aire Benjamin Netanyahu ar Washington le haghaidh cruinnithe le Donald Trump.
Dúirt Netanyahu go mbeadh cead ag Palaistínigh Gaza a fhágáil más mian leo.
‘Má tá daoine ag iarraidh fanacht, is féidir leo fanacht. Ach má tá siad ag iarraidh imeacht, ba chóir go mbeadh cead acu,’ a dúirt sé.
Ach an mbeadh rogha acu agus iad faoi smacht míleata Iosrael i nGaza?
Tá an plean ag teacht le moltaí roimhe seo a pléadh leis an riarachán Trump.
Tuairiscigh Reuters go raibh tionscnamh $2 bhilliún ann, líomhnaithe ag grúpa darb ainm Gaza Humanitarian Foundation, a mhol ‘limistéir idirthurais dhaonnúla’ laistigh agus lasmuigh de Gaza.
Shéan an grúpa aon bhaint leis na cáipéisí sin.

Deir staraithe agus dlíodóirí go sáraíonn an plean éilimh Iosrael go bhfuil díláithriú á dhéanamh ar mhaithe le cosaint shibhialta.
Dúirt an staraí Amos Goldberg gur ‘sluachampa géibhinn (concentration camp) nó campa idirthurais’ atá i gceist, ní cathair dhaonnúil.
‘Cad a tharlóidh má dhiúltaíonn na Palaistínigh bogadh?’ a d’fhiafraigh sé. ‘Ní réiteach daonnúil é seo – is glanadh eitneach (ethnic cleansing) é faoi cheilt.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.