Deir Met Éireann go bhfuil tonn teasa (heatwave) ag teacht

Tá an teocht ag ardú de réir a chéile agus táthar ag súil le tonn teasa, dar le Met Éireann

Tá tréimhse fhada spéartha gorma agus solas na gréine at teacht an tseachtain seo, de réir na Met Éireann.

Meastar go sroichfidh an teocht 26C, cé go mbeidh báisteach éigin i dtosach.

Sainmhíníonn Met Éireann tonn teasa mar chúig lá as a chéile le teochtaí os cionn 25C – agus léiríonn na cairteacha aimsire go bhféadfaimis é sin a bhaint amach nó fiú dul níos faide.

Beidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar na laethanta is teo, a deir Met Éireann
Beidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar na laethanta is teo, a deir Met Éireann

Tugann na réamhaisnéisí reatha, atá faoi réir athraithe, le fios go mbeidh ardú de réir a chéile ó na luath-20idí ag tús na seachtaine go teochtaí i bhfad níos airde.

Beidh tréimhsí gréine ann Dé Luain, ach beidh sé scamallach i dtuaisceart Chonnacht agus Uladh le ceathanna báistí, de réir Met Éireann.

Beidh an teocht is airde thart ar 14C sa tuaisceart thiar, ag ardú go dtí 23C sa deisceart thoir faoi ghaotha measartha.

Beidh Dé Máirt scamallach don chuid is mó, le báisteach agus ceo, ach fanfaidh sé tirim san oirthear.

Beidh an teocht idir 17C agus 22C le gaotha éadroma go measartha ón iarthar, de réir Met Éireann.

Tosóidh Dé Céadaoin scamallach, ach gheobhaidh sé níos gile de réir a chéile le solas na gréine agus teochtaí ag ardú go dtí 23C, is teo sa deisceart, le gaoth éadrom ón iarthar.

Beidh Déardaoin tirim arís le tréimhsí gréine, cé go mbeidh ceathanna scaipthe i rith an lae, de réir Met Éireann.
Meastar go mbeidh sé an-te le teochtaí idir 20C agus 25C agus gaoth éadrom ó dheas.

Cé go mbeidh sé tirim ar dtús Dé hAoine, beidh an aimsir níos athraitheach ag deireadh na seachtaine le báisteach ón Aigéan Atlantach agus gaotha láidre féideartha.

Tugtar le fios go mbeidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar na laethanta is teo, agus go bhféadfadh an teocht dul chomh hard le 27C.

Deir Met Éireann go bhfuil ‘comhartha beag ann go mbeidh ardbhrú ann’, rud a léiríonn aimsir níos socra.
Deir siad freisin go mbeidh na teochtaí ‘os cionn an mheáin’ don am seo den bhliain.


Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram